Comhéadan grafach úsáideora

Comhéadan scáileáin le bogearraí oibriúcháin ríomhaire mar a mbíonn comhbhaill ghrafacha cosúil le dealbha a úsáidtear chun seasamh do chomhaid ríomhaire is ríomhchláir. Ní gá don úsáideoir ach cliceáil ar an dealbh chun an clár nó an comhad a ghníomhachtú. Is iad na comhbhaill ghrafacha a bhíonn ar fáil de ghnáth i gcomhéadan mar seo ná fuinneoga, dealbha, roghchláir is pointeoirí.[1]

Is féidir leagan amach an chomhéadain a logánú, is é sin ná é a aistriú go teangacha agus aibrítrí éagsúla agus eilimintí a bhogadh ar an scáileán.

  1. Hussey, Matt (2011). "Comhéadan grafach úsáideora". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 164.