Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse

Comórtas Amhránaíochta ins an Eorap

Is comórtas Eorpach bliantúil é Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse (nó Comórtas Amhrán Eoraifíse uaireanta; Béarla: Eurovision Song Contest, Fraincis: Concours Eurovision de la Chanson)[1] ina nglacann baill ghníomhacha Aontas Craolacháin na hEorpa (ACE) páirt.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtComórtas Amhránaíochta na hEoraifíse
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Téacs manaUnited by Music Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálannual music competition (en) Aistrigh
saincheadúnas teilifíse
political event (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósEurovision (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1956 - 
Tréimhse1956 - 
Fad ama2 h agus 4 h Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaithe arSanremo Music Festival (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Mór-roinnan Eoraip, an Áise, an Aigéine agus an Afraic Cuir in eagar ar Wikidata
EagraíEuropean Broadcasting Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainmBéarla agus an Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
Seánrasongwriting competition (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Nation in the Eurovision Song Contest (en) Aistrigh
Eurovision Song Contest entry (en) Aistrigh
Eurovision Song Contest edition (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna

Suíomh gréasáineurovision.tv Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#eurovision agus #ESC Cuir in eagar ar Wikidata
Metacritic: tv/eurovision-song-contest TMDB.org: 28032
Facebook: EurovisionSongContest X: Eurovision Instagram: eurovision Threads: eurovision Youtube: UCRpjHHu8ivVWs73uxHlWwFA TikTok: eurovision Cuir in eagar ar Wikidata

Cuireann gach ballstát amhrán isteach chun a bheith curtha i láthair ar an teilifís beo agus ansin caitheann siad vótaí d'amhráin na dtíortha eile chun an t-amhrán is fearr sa chomórtas a bhaint amach. Glacann gach tír páirt trí cheann de na stáisiúin teilifíse atá ina mbaill den ACE. Tá sé mar thasc ag an stáisiún teilifíse sin amhrán agus amhránaí a roghnú chun páirt a ghlacadh sa chomórtas idirnáisiúnta.

Craoltar an Comórtas gach bliain ó bhliain a thionscnaimh (1956) agus is é an clár teilifíse is sinne agus fós ar siúl ar domhain. Breathnaíonn a lán daoine ar an teagmhas sin (is é an teagmhas is mó ar domhain seachas tionóil lúthchleas). Luaitear figiúirí don lucht féachana idir 100 milliún agus 600 milliún le blianta beaga anuas.[2][3] Craoltar an Eoraifís lasmuigh den Eoraip freisin, i dtíortha mar an Airgintín, an Astráil, Ceanada, an tSín, an Éigipt, an India, an tSeapáin, an Iordáin, Meicsiceo, an Nua-Shéalainn, an Téalainn, na hOileáin Fhilipíneacha, an Chóiré Theas agus Uragua cé nach nglacann siad páirt sa chomórtas.[4][5][6] Ón mbliain 2000, craoltar an comórtas ar an idirlíon.[7]

Sna 1950idí, bhí an Eoraip ag athfhorbairt i ndiaidh an Dara Chogaidh Dhomhanda agus chuir Aontas Craolacháin na hEorpa (ACE), atá bunaithe san Eilvéis coiste ad hoc ar bun chun bealaigh nua a lorg chun tíortha na hEorpa a thabhairt le chéile trí chláir shiamsaíochta.[8] Ag cruinniú coiste a comóradh i Monacó i mí Eanáir 1955, choincheap Marcel Bezençon, ard-stiúrthóir teilifís na hEilvéise agus cathaoirleach coiste, idé an chomórtais amhránaíochta idirnáisiúnta, ina nglacfadh tíortha páirt i gclár teilifíse amháin a dtarchuirfeadh go comhuaineach do gach tír san aontas.[8][9] Bhí an comórtas bunaithe ar Fhéile Cheoil Sanremo ón Iodáil.[10] Chonacthas an comórtas mar thurgnamh teicneolaíocha i dteilifíseán beo mar, san am sin, tionscadal uaillmhianach a bhí ann roinnt tíortha a nascadh le chéile i ngréasán idirnáisiúnta mar sin. Ní raibh teilifís satailíte ann ag an am sin agus gréasán micreathoinne domhanda a bhí i gceist leis an nGréasán Eoraifíse mar a deirtear le.[11] Cheadaigh Comhthionól Ginearálta ACE an coincheap, dá ngaireadh "Eurovision Grand Prix" ag an am sin, i gcruinniú a comóradh sa Róimh an 19 Deireadh Fómhair 1955 agus beartaíodh go mbeadh an chéad chomórtas ar siúl i rith an earraigh sa bhliain 1956 in Lugano, an Eilvéis.[8] Baineadh George Campey, iriseoir Briotanach úsáid don chéad uair as an ainm "Eurovision" maidir le gréasán an ACE in London Evening Standard sa bhliain 1951.[9]

Bhí an chéad chomórtas ar siúl an 24 Bealtaine 1956 i mbaile Lugano, an Eilvéis. Ghlac seacht dtír páirt sa chomórtas — chuir gach tír dhá amhrán isteach sa chomórtas agus mar sin, bhí 14 amhrán san iomlán. B'é seo an t-aon chomórtas inar cheadaíodh níos mó ná amhrán amháin ó gach tír a cur i láthair: ón mbliain 1957, ní raibh ach amhrán amháin ceadaithe ó gach tír. Bhuaigh an Eilvéis, an tír aíochta, an chéad chomórtas sin.[12]

Tugadh "Eurovision Grand Prix" ar an gcomórtas ar dtús. Glacadh an t-ainm "Grand Prix" seo leis na tíortha Frainciseora agus tugadh "Le Grand-Prix Eurovision de la Chanson Européene" ar an gComórtas.[13] Ní úsáidtear "Grand Prix" a thuilleadh agus cuireadh "Concours" (comórtas) in ionad "Grand Prix" sna tíortha sin. Baintear úsáid as an nGréasán Eoraifíse chun cláir nuachta agus spóirt a chraoladh go hidirnáisiúnta, i measc teagmhas eile lena n-eagraítear leis an ACE.[14] In aigne an phobail, áfach, tá an t-ainm "Eurovision" i gcomhlachas go géar leis an gComórtas Amhránaíochta.[11]

Tá formáid an chomórtais tar éis athrú trí na blianta, cé go mbíonn dearbhphrionsabail an chomórtais mar seo a leanas i gcónaí: cuireann na tíortha rannpháirteacha amhráin isteach sa chomórtas agus cuirtear na hamhráin seo i láthair le linn chlár teilifíse bheo a chraoltar go comhuaineach ar fud ghréasán na hEoraifíse do gach tír. Bíonn craoltóir teilifíse ina ionadaí do gach tír: de ghnáth is é sin eagraíocht craolta poiblí na tíre, ach níl sé sin an cás i gcónaí. Bíonn ceann de na tíortha rannpháirteacha ina n-óstach don chomórtas agus seoltar an tarchar ón hall sa chathair aíochta. I rith an chláir seo, agus tar éis gach amhrán a bheith curtha i láthair, leanann na tíortha ar aghaidh chun vótaí a chaitheamh d'amhráin na dtíortha eile: ní cheadaítear vóta a chaitheamh do do thír féin, áfach. Ag deireadh an chláir, fógraítear an buaiteoir - is é sin an tír leis an líon pointí is mó. Is é gradam an bhua mar dhuas an chomórtais ach de ghnáth bronntar trófaí ar scríbhneoirí an amhráin. Tugtar cuireadh don tír bua an comórtas a óstáil an bhliain dár gcionn.

De ghnáth, osclaíonn láithreoir amháin nó níos mó an clár, ag cur fáilte roimh lucht féachana an seó. Uaireannta, feictear gearrthóga físe den tír aíochta i rith an chláir. Idir na hamhráin agus fógairt na dtorthaí, cuirtear gníomh idirlinne i láthair. Cuimsíodh hidirlinnte sin gníomhartha mar The Wombles (1974) agus céad chur i láthair den seó Riverdance (1994).

Is é réamhdhréacht do Te Deum le Marc-Antoine Charpentier an ceol téama a seinntear roimh agus tar éis chraoltaí Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse.

Tarlaíonn babhta ceannais de sheó Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse de ghnáth i rith oíche Dé Sathairn, ag 19.00 UTC (20.00 BST, nó 21.00 CEST). Rognaítear Satharn amháin i mí na Bealtaine, ach tharla an comórtas ar Déardaoin cheana (1956) agus chomh luath mar mhí an Mhárta.

Ag vótáil

cuir in eagar

Is féidir le gach tír san Eoraip páirt a ghlacadh sa chomórtas. Canann siad i ngach teanga, ach go háirithe as Béarla, ach is féidir amhrán a chanadh as Gaeilge, Iodális, i Fraincis, srl.

 
Tíortha na hEoraifíse

Tá Baill ghníomhacha ACE incháilithe chun páirt a ghlacadh sa chomórtas. Is iad na Baill ghníomhacha ná na stáit a bhfuil laistigh de Cheantar Craolacháin na hEorpa, nó na stáit a bhfuil ina mbaill de Chomhairle na hEorpa. Tá Ceantar Craolacháin na hEorpa sainmhínithe ag an Aontas Teileachumarsáide Idirnáisiúnta mar:

The "European Broadcasting Area" is bounded on the west by the western boundary of Region 1, on the east by the meridian 40° East of Greenwich and on the south by the parallel 30° North so as to include the western part of the USSR, the northern part of Saudi Arabia and that part of those countries bordering the Mediterranean within these limits. In addition, Iraq, Jordan and that part of the territory of Turkey lying outside the above limits are included in the European Broadcasting Area.

Cuimsíonn baill ghníomhacha eagraíochtaí craolacháin le tarchur a bhfuil ar fáil do 98% de na teaghlaigh ina dtír ar a laghad.


Buaiteoirí

cuir in eagar
Bliain Datá Óstach Buaiteoir Ceolteor/í Amhrán Pointe Imeall An dara háit
1956 24 Bealtaine   Lugano   An Eilvéis Lys Assia "Refrain" Níl fhógartha
1957 3 Márta   Frankfurt   An Ísiltír Corry Brokken "Net Als Toen" 31 14   An Fhrainc
1958 12 Márta   Hilversum   An Fhrainc André Claveau "Dors, Mon Amour" 27 3   An Eilvéis
1959 11 Márta   Cannes   An Ísiltír Teddy Scholten "Een Beetje" 21 5   An Ríocht Aontaithe
1960 25 Márta   Londain   An Fhrainc Jacqueline Boyer "Tom Pillibi" 32 7   An Ríocht Aontaithe
1961 18 Márta   Cannes   Lucsamburg Jean-Claude Pascal "Nous Les Amoureux" 31 6   An Ríocht Aontaithe
1962 18 Márta   Lucsamburg   An Fhrainc Isabelle Aubret "Un Premier Amour" 26 13   Monacó
1963 23 Márta   Londain   An Danmhairg Grethe & Jørgen Ingmann "Dansevise" 42 2   An Eilvéis
1964 21 Márta   Cóbanhávan   An Iodáil Gigliola Cinquetti "Non ho l'età" 49 32   An Ríocht Aontaithe
1965 20 Márta   Napoli   Lucsamburg France Gall "Poupée de cire, poupée de son" 32 6   An Ríocht Aontaithe
1966 5 Márta   Lucsamburg   An Ostair Udo Jürgens "Merci Chérie" 31 15   An tSualainn
1967 8 Aibreán   Vín   An Ríocht Aontaithe Sandie Shaw "Puppet on a String" 42 25   Éire
1968 6 Aibreán   Londain   An Spáinn Massiel "La La La" 29 1   An Ríocht Aontaithe
1969 29 Márta   Maidrid   An Spáinn Salomé "Vivo Cantando" 18 Ceann ar bith
  An Ríocht Aontaithe Lulu "Boom Bang-a-Bang"
  An Ísiltír Lennie Kuhr "De Troubadour"
  An Fhrainc Frida Boccara "Un Jour, Un Enfant"
1970 21 Márta   Amstardam   Éire Dana "All Kinds of Everything" 32 6   An Ríocht Aontaithe
1971 3 Aibreán   Baile Átha Cliath   Monacó Séverine "Un Banc, Un Arbre, Une Rue" 128 12   An Spáinn
1972 25 Márta   Dún Éideann   Lucsamburg Vicky Leandros "Après Toi" 128 14   An Ríocht Aontaithe
1973 7 Aibreán   Lucsamburg   Lucsamburg Anne-Marie David "Tu Te Reconnaîtras" 129 4   An Spáinn
1974 6 Aibreán   Brighton   An tSualainn ABBA "Waterloo" 24 6   An Iodáil
1975 22 Márta   Stócólm   An Ísiltír Teach-In "Ding-A-Dong" 152 14   An Ríocht Aontaithe
1976 3 Aibreán   An Háig   An Ríocht Aontaithe Brotherhood of Man "Save Your Kisses for Me" 164 17   An Fhrainc
1977 7 Bealtaine   Londain   An Fhrainc Marie Myriam "L'Oiseau Et L'Enfant" 136 15   An Ríocht Aontaithe
1978 22 Aibreán   Páras   Iosrael Izhar Cohen & Alphabeta "A-Ba-Ni-Bi" 157 32   An Bheilg
1979 31 Márta   Iarúsailéim   Iosrael Gali Atari & Milk and Honey "Hallelujah" 125 9   An Spáinn
1980 19 Aibreán   An Háig   Éire Johnny Logan "What's Another Year?" 143 15   An Ghearmáin
1981 4 Aibreán   Baile Átha Cliath   An Ríocht Aontaithe Bucks Fizz "Making Your Mind Up" 136 4   An Ghearmáin
1982 24 Aibreán   Harrogate   An Ghearmáin Nicole "Ein Bisschen Frieden" 161 61   Iosrael
1983 23 Aibreán   München   Lucsamburg Corinne Hermès "Si La Vie Est Cadeau" 142 6   Iosrael
1984 5 Bealtaine   Lucsamburg   An tSualainn Herreys "Diggi-Loo Diggi-Ley" 145 8   Éire
1985 4 Bealtaine   Göteborg   An Iorua Bobbysocks "La det swinge" 123 18   An Ghearmáin
1986 3 Bealtaine   Bergen   An Bheilg Sandra Kim "J'Aime La Vie" 176 31   An Eilvéis
1987 9 Bealtaine   An Bhruiséil   Éire Johnny Logan "Hold Me Now" 172 31   An Ghearmáin
1988 30 Aibreán   Baile Átha Cliath   An Eilvéis Celine Dion "Ne Partez Pas Sans Moi" 137 1   An Ríocht Aontaithe
1989 6 Bealtaine   Lausanne   An Iúgslaiv Riva "Rock Me" 137 7   An Ríocht Aontaithe
1990 5 Bealtaine   Ságrab   An Iodáil Toto Cutugno "Insieme: 1992" 149 17   Éire
  An Fhrainc
1991 4 Bealtaine   An Róimh   An tSualainn Carola "Fångad av en stormvind" 146 0   An Fhrainc
1992 9 Bealtaine   Malmö   Éire Linda Martin "Why Me" 155 16   An Ríocht Aontaithe
1993 15 Bealtaine   Sráid an Mhuilinn   Éire Niamh Kavanagh "In Your Eyes" 187 23   An Ríocht Aontaithe
1994 30 Aibreán   Baile Átha Cliath   Éire Paul Harrington & Charlie McGettigan "Rock 'n' Roll Kids" 226 60   An Pholainn
1995 13 Bealtaine   Baile Átha Cliath   An Iorua Secret Garden "Nocturne" 148 29   An Spáinn
1996 18 Bealtaine   Osló   Éire Eimear Quinn "The Voice" 162 48   An Iorua
1997 3 Bealtaine   Baile Átha Cliath   An Ríocht Aontaithe Katrina and the Waves "Love Shine a Light" 227 70   Éire
1998 9 Bealtaine   Birmingham   Iosrael Dana International "Diva" 172 6   An Ríocht Aontaithe
1999 29 Bealtaine   Iarúsailéim   An tSualainn Charlotte Nilsson "Take Me to Your Heaven" 163 17   An Íoslainn
2000 13 Bealtaine   Stócólm   An Danmhairg Olsen Brothers "Fly on the Wings of Love" 195 40   An Rúis
2001 12 Bealtaine   Cóbanhávan   An Eastóin Tanel Padar, Dave Benton & 2XL "Everybody" 198 21   An Danmhairg
2002 25 Bealtaine   Taillinn   An Laitvia Marie N "I Wanna" 176 12   Málta
2003 24 Bealtaine   Ríge   An Tuirc Sertab Erener "Everyway That I Can" 167 2   An Bheilg
2004 15 Bealtaine   Iostanbúl   An Úcráin Ruslana "Wild Dances" 280 17   An tSeirbia agus Montainéagró
2005 21 Bealtaine   Cív   An Ghréig Elena Paparizou "My Number One" 230 38   Málta
2006 20 Bealtaine   An Aithin   An Fhionlainn Lordi "Hard Rock Hallelujah" 292 44   An Rúis
2007 12 Bealtaine   Heilsincí   An tSeirbia Marija Šerifović "Molitva" 268 33   An Úcráin
2008 24 Bealtaine   Béalgrád   An Rúis Dima Bilan "Believe" 272 42   An Úcráin
2009 16 Bealtaine   Moscó   An Iorua Alexander Rybak "Fairytale" 387 169   An Íoslainn
2010 29 Bealtaine   Osló   An Ghearmáin Lena Meyer-Landrut "Satellite" 246 76   An Tuirc
2011 14 Bealtaine   Düsseldorf   An Asarbaiseáin Eldar & Nigar "Running Scared" 221 32   An Iodáil
2012 26 Bealtaine   Baki   An tSualainn Loreen "Euphoria" 372 113   An Rúis
2013 18 Bealtaine   Malmö   An Danmhairg Emmelie de Forest "Only Teardrops" 281 47   An Asarbaiseáin
2014 10 Bealtaine   Cóbanhávan   An Ostair Conchita Wurst "Rise Like a Phoenix" 290 52   An Ísiltír
2015 23 Bealtaine   Vín   An tSualainn Måns Zelmerlöw "Heroes" 365 62   An Rúis
2016 14 Bealtaine   Stócólm   An Ucráin Jamala "1944" 534 23   An Astráil
2017 20 Bealtaine   Cív   An Phortaingéil Salvador Sobral "Amar Pelos Dois" 758 143   An Bhulgáir
2018 12 Bealtaine   Liospóin   Iosrael Netta "Toy" 529 93   An Chipir
2019 18 Bealtaine   Tel Aviv   An Ísiltír Duncan Lawrence "Arcade" 492 27   An Iodáil
2021 22 Bealtaine   Rotterdam   An Iodáil Måneskin "Zitti e buoni" 524 25   An Fhrainc
2022 14 Bealtaine   Torino   An Ucráin Kalush Orchestra "Stefania" 631 165   An Ríocht Aontaithe
2023 13 Bealtaine   Learpholl   An tSualainn Loreen "Tattoo" 583 57   An Fhionlainn
 
Na buaiteoirí is coitianta
Buaiteoirí Tír Bliana
7   Éire 1970, 1980, 1987, 1992, 1993, 1994, 1996
  An tSualainn 1974, 1984, 1991, 1999, 2012, 2015, 2023
5   An Fhrainc 1958, 1960, 1962, 1969, 1977
  Lucsamburg 1961, 1965, 1972, 1973, 1983
  An Ríocht Aontaithe 1967, 1969, 1976, 1981, 1997
  An Ísiltír 1957, 1959, 1969, 1975, 2019
4   Iosrael 1978, 1979, 1998, 2018
3   An Iorua 1985, 1995, 2009
  An Danmhairg 1963, 2000, 2013
  An Iodáil 1964, 1990, 2021
  An Úcráin 2004, 2016, 2022
2   An Spáinn 1968, 1969
  An Eilvéis 1956, 1988
  An Ghearmáin 1982, 2010
  An Ostair 1966, 2014
1   Monacó 1971
  An Bheilg 1986
  An Iúgslaiv 1989
  An Eastóin 2001
  An Laitvia 2002
  An Tuirc 2003
  An Ghréig 2005
  An Fhionlainn 2006
  An tSeirbia 2007
  An Rúis 2008
  An Asarbaiseáin 2011
  An Phortaingéil 2017


Tír       Iomlán Blianta
  Éire 7 4 1 12 1970, 1980, 1987, 1992, 1993, 1994, 1996
  An tSualainn 7 1 6 14 1974, 1984, 1991, 1999, 2012, 2015, 2023
  An Ríocht Aontaithe 5 16 3 24 1967, 1969, 1976, 1981, 1997
  An Fhrainc 5 5 7 17 1958, 1960, 1962, 1969, 1977
  An Ísiltír 5 1 1 7 1957, 1959, 1969, 1975, 2019
  Lucsamburg 5 0 2 6 1961, 1965, 1972, 1973, 1983
  Iosrael 4 2 2 8 1978, 1979, 1998, 2018
  An Iodáil 3 3 5 11 1964, 1990, 2021
  An Úcráin 3 2 1 6 2004, 2016, 2022
  An Danmhairg 3 1 3 7 1963, 2000, 2013
  An Iorua 3 1 1 5 1985, 1995, 2009
  An Ghearmáin 2 4 4 10 1982, 2010
  An Spáinn 2 4 2 8 1968, 1969
  An Eilvéis 2 3 4 9 1956, 1988
  An Ostair 2 0 1 3 1966, 2014
  An Rúis 1 4 4 9 2008
  An Bheilg 1 2 0 3 1986
  Monacó 1 1 3 5 1971
  An Tuirc 1 1 1 3 2003
  An Asarbaiseáin 1 1 1 3 2011
  An Fhionlainn 1 1 0 2 2006
  An Ghréig 1 0 3 4 2005
  An Laitvia 1 0 1 2 2002
  An tSeirbia 1 0 1 2 2007
  An Iúgoslaiv 1 0 0 1 1989
  An Eastóin 1 0 0 1 2001
  An Phortaingéil 1 0 0 1 2017
  Málta 0 2 2 4
  An Íoslainn 0 2 0 2
  An Pholainn 0 1 0 1
  An tSeirbia agus Montainéagró 0 1 0 1
  An Astráil 0 1 0 1
  An Bhulgáir 0 1 0 1
  An Chipir 0 1 0 1
  An Rómáin 0 0 2 2
  An Bhoisnia-Heirseagaivéin 0 0 1 1
  An Mholdóiv 0 0 1 1
align="center"

Is í Éire an tír is rathúla sa chomórtas go stairiúil. Tá sé buaite ag Éirinn seacht n-uaire. Seo a leanas na hamhránaithe agus na hamhráin a bhí i gceist:[15]

Tíortha sa chomórtas

cuir in eagar

Is iad na tíortha seo a leanas na tíortha a bhfuil tar éis páirt a ghlacadh sa chomórtas:

Bliain Tíortha
1956   An Bheilg,   An Eilvéis   An Fhrainc,   An Ghearmáin,   An Iodáil,   An Ísiltír,   Lucsamburg
1957   An Danmhairg,   An Ostair,   An Ríocht Aontaithe
1958   An tSualainn
1959   Monacó
1960   An Iorua
1961   An Fhionlainn,   An Iúgslaiv,   An Spáinn
1964   An Phortaingéil
1965   Éire
1971   Málta
1973   Iosrael
1974   An Ghréig
1975   An Tuirc
1980   Maracó
1981   An Chipir
1986   An Íoslainn
1993   An Bhoisnia-Heirseagaivéin,   An Chróit,   An tSlóivéin
1994   An Eastóin,   An Liotuáin,   An Pholainn,   An Rómáin,   An Rúis,   An tSlóvaic,   An Ungáir
1998   An Mhacadóin Thuaidh
2000   An Laitvia
2003   An Úcráin
2004   An Albáin ,   Andóra,   An Bhealarúis,   An tSeirbia agus Montainéagró
2005   An Bhulgáir,   An Mholdóiv
2006   An Airméin
2007   Montainéagró,   An tSeic,   An tSeirbia,   An tSeoirsia
2008   An Asarbaiseáin,   San Mairíne
2015   An Astráil

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Winners of the Eurovision Song Contest" (PDF). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-28. Dáta rochtana: 2009-12-25.
  2. "Finland wins Eurovision contest".
  3. "Eurovision Song Contest - International Music Program". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2005-01-13. Dáta rochtana: 2009-12-25.
  4. "Eurovision Trivia" (PDF) (2002).
  5. "Eurovision Song Contest 1972".
  6. "Eurovision Song Contest 2004 Final".
  7. "Webcasting and the Eurovision Song Contest" (July 2002). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-28. Dáta rochtana: 2009-12-25.
  8. 8.0 8.1 8.2 "[x Singing out loud and proud]". Bristol Evening Post. “In the mid-1950s, the members of the European Broadcasting Union set up an ad-hoc committee to investigate ways of rallying the countries of Europe round a light entertainment programme. At Monaco, in late January 1955, this committee, chaired by Marcel Bezencon, director general of Swiss Television, came up with the idea of creating a song contest, inspired by the very popular San Remo Festival. The idea was approved by the EBU General Assembly in Rome on October 19, 1955, and it was decided that the first "Eurovision Grand Prix" - so baptised, incidentally, by a British journalist - would take place in spring 1956 at Lugano, Switzerland.”
  9. 9.0 9.1 "Eurovision's Golden Jubilee". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2004-08-11. Dáta rochtana: 2009-12-25.
  10. "History of Eurovision" (2003). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2004-05-19. Dáta rochtana: 2009-12-25.
  11. 11.0 11.1 "Eurovision: 40 years of network development, four decades of service to broadcasters".
  12. "Historical Milestones" (2005). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2006-05-26. Dáta rochtana: 2009-12-25.
  13. "Histoire 1956 à 1959" (1999). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2006-05-02. Dáta rochtana: 2009-12-25. Teimpléad:Fr icon
  14. "The EBU Operations Department".
  15. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-27. Dáta rochtana: 2008-05-25.

Naisc Sheachtracha

cuir in eagar