Coláiste Phádraig, Droim Conrach
Ollscoil Éireannach ba ea Coláiste Phádraig, Droim Conrach (nó St Patrick's College nó St Pat's), an coláiste oiliúna múinteoirí is mó in Éirinn sna 2000idí, le níos mó ná dhá mhíle mac léinn ag staidéar ann.
Sonraí | ||||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Cineál | coláiste | |||||||||||||||||||||||||||
Stair | ||||||||||||||||||||||||||||
Dáta a bunaíodh | 1875 | |||||||||||||||||||||||||||
Suíomh gréasáin | http://www.spd.dcu.ie/ | |||||||||||||||||||||||||||
|
Comhcholáiste de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a bhí inti, ón bhliain 1993 ar aghaidh. Rinneadh an dá choláiste a chónascadh in 2016.
Stair
cuir in eagarBunaíodh an coláiste sa bhliain 1875 i nDroim Conrach, i dtuaisceart Átha Cliath.
Gaeilge
cuir in eagarSa mbliain 1918 a thug Pádraig Mac Gréine aghaidh ar Choláiste Phádraig le hoiliúint a fháil mar mhúinteoir bunscoile. Dúirt sé gur fíorbheagán Gaeilge a bhíodh le cloisteáil sa gcoláiste sin lena linn. Ba chuimhin leis go raibh bord Gaeltachta sa mbialann ach nach mbíodh níos mó ná dhá dhuine dhéag ina suí ansin aon uair.[1]
Sa mbliain 1922 rinneadh ábhar éigeantach don Ghaeilge i gcuraclam na scoileanna náisiúnta agus dualgas ar oidí dhá uair sa lá scoile a chaitheamh á teagasc.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "Cainteoirí Gaeilge i measc na ‘Last Voices of the Irish Revolution’ i leabhar nua, de chuid Tom Hurley" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-02-13). Dáta rochtana: 2024-02-15.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Eolas faoin choláiste as Gaeilge Curtha i gcartlann 2007-12-04 ar an Wayback Machine
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |