Christiaan Barnard
máinlia cairdiach as an Afraic Theas
Máinlia cairdiach a rugadh i mBeaufort West san Afraic Theas ab ea Christiaan Neethling Barnard (8 Samhain 1922 – 2 Meán Fómhair 2001).
(1968) | |
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Christian Barnard |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (af) Christiaan Neethling Barnard 8 Samhain 1922 Beaufort West (Aontas na hAfraice Theas) |
Bás | 2 Meán Fómhair 2001 78 bliana d'aois Paphos, An Chipir |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Asma) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Cape Town Ollscoil Minnesota |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Máinliacht agus transplantology (en) |
Gairm | máinlia, dochtúir leighis, scríbhneoir |
Fostóir | Ollscoil Cape Town |
Mac/iníon léinn de chuid | Vladimir Demikhov |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Siblín | Marius Barnard |
In ospidéal Groote Schuur i 1967 rinne sé an chéad trasphlandú rathúil croí dhaonna. Mhair an duine a fuair an t-aistriú Louis Washkansky ar feadh ocht lá dhéag i ndiaidh na hobráide; fuair sé bás mar gheall ar aimhréidheanna a tháinig le húsáid a bhaint as drugaí chun diúltú an chroí a sheachaint.[1]
Le himeacht ama d'fheabhsaigh Barnard marthanas othar go mór le croíthe trasphlandaithe.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2019-05-30.
- ↑ Scríobh An Dochtúir Peter A Alivizatos (Liachtlann Ollscoil Baylor i Dallas) gearrnóta, maidir le cúlra na hoibre a rinne Barnard, an glacadh a bhí léi agus roinnt ceisteanna eiticiúla dlíthiúla a tháinig chun cinn dá barr, maidir leis an sainmhíniú ar bhás inchinne go háirithe. https://www.ncbi.nlm.nih.gov/pmc/articles/PMC5595402/
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Christiaan Neethling Barnard". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 63.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |