Catherine Connolly
Is polaiteoir as Gaillimh agus Teachta Dála Neamhspleách í Catherine Connolly (a rugadh ar an 12 Iúil 1957). Toghadh í sa dáilcheantar Gaillimh Thiar san Olltoghchán 2016 agus atoghadh in 2020 agus 2024.[1] Ceapadh ina Chathaoirleach í ar Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i 2016.[2] I nGaillimh, toghadh í mar Chomhairleoir Cathrach ó 1999-2016 agus thoghadh ina Mhéara na Gaillimhe í ó 2004-2005.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 12 Iúil 1957 67 bliana d'aois Gaillimh, Éire |
Leas-Cheann Comhairle | |
23 Iúil 2020 – ← Pat the Cope Gallagher | |
Teachta Dála | |
8 Feabhra 2020 – Téarma parlaiminte: 33ú Dáil Toghcheantar: Gaillimh Thiar Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2020 | |
Teachta Dála | |
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 32ú Dáil Toghcheantar: Gaillimh Thiar Toghadh i: Olltoghchán 2016 in Éirinn | |
Méara na Gaillimhe | |
8 Meitheamh 2004 – 10 Meitheamh 2005 ← Terry O'Flaherty (en) – Brian Walsh → | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí an Lucht Oibre (1995–2006) luach ar iarraidh |
Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
Gairmréim
cuir in eagarToghadh Connolly mar Chomhairleoir Cathrach i nGaillimh don chéad uair i mí an Mheithimh 1999 agus í ina ball de Pháirtí an Lucht Oibre. D'fhan sí sa phost seo ar feadh 17 bhliain, go dtí go toghadh í mar Theachta Dála i 2016[3]. Ar an gComhairle Cathrach, toghadh í sa cheantar thiar (1999, 2009) agus uair amháin sa cheantar theas (2004)[4]. Toghadh ina Méara na Gaillimhe í ó 2004-2005[5]. Toghadh a deirfiúr Colette Connolly mar Chomhairleoir Cathrach na Gaillimhe sa bhliain 2004[6].
D'éirigh Connolly as Páirtí an Lucht Oibre i 2006 nuair a roghnaigh cheannceathrú an pháirtí nach mbeadh ach iarrthóir amháin (Mícheál D. Ó hUiginn) ag seasamh sa Dáilcheantar Gaillimh Thiar in Olltoghchán 2007[5]. Tar éis di an páirtí a fhágáil, sheas Connolly mar iarrthóir Neamhspleách san Olltoghchán 2007. Fuair sí 3.64% na vótaí chéad rogha agus ní fhuair sí suíochán[4].
Sheas Connolly in Olltoghchán 2011 agus fuair sí 7.86% na vótaí céadrogha[4]. Chaill sí amach ar shuíochán le dornán beag vótaí ... ní raibh ach 17 vóta idir í féin agus an iarrthóir Seán Ó Cadhain, ach tar éis athchomhaireamh na vótaí, toghadh Ó Cadhain agus ní fhuair Connolly an suíochán[4].
Toghadh í do Dháil Éireann (an 32ú Dáil) in Olltoghchán 2016 le 7.59% de na vótaí céadrogha[4]. Roghnaigh sí Richard Boyd Barrett i bpróiseas roghnúcháin Taoisigh na 32ú Dála[7]. Ba í a deirfiúr, Colette Connolly, ball de Pháirtí an Lucht Oibre, a fuair a suíochán ar an gComhairle Cathrach i 2016[8]. Atoghadh Catherine in Olltoghchán 2020 le 9.0% de na vótaí céadrogha[9].
Oibríonn Connolly ar chúrsaí timpeallachta[5]. Tá sí i bhfabhar an córas iompar poiblí a fheabhsú[10]. Bíonn sí sásta seasamh misniúil a thógáil, í in aghaidh Chuarbhóthar na Gaillimhe mar shampla, mar go gcreideann sí go mba cheart córas traenach cathrach cosúil leis an Luas a chur ar fáil i nGaillimh, seachas a bheith ag mealladh níos mó carranna isteach sa gcathair.[11]
Pátrún Gluaiseacht an Phobail is ea í[12]
Saol oibre
cuir in eagarAbhcóide a bhí Connolly uair amháin agus bhí sí ag obair mar Shíceolaí Ciniciúil leis an mBord Sláinte Thiar i mBéal Átha na Slua, Cathair na Gaillimhe agus Conamara[5].
Pearsanta
cuir in eagarIs as Seantalamh i gCathair na Gaillimhe í Connolly agus tá sí ina cónaí sa Chladach ó bhliain 1988. Tá sí pósta agus tá beirt mhac aici[5].
Tá Connolly líofa sa Ghaeilge. Ceapadh ina Chathaoirleach í ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i 2016 agus suíonn sí ar An Coiste um Chuntais Phoiblí[2][13].
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Ronan McGreevy. "Election 2020: Catherine Connolly (Independent)" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-02-13.
- ↑ 2.0 2.1 Tithe an Oireachtais (2020-01-17). "Comhaltas – Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán – 32nd Dáil, 25th Seanad – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-01-29.
- ↑ "About" (en-US). Claddagh, Galway (2014-02-23). Dáta rochtana: 2020-01-29.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 "ElectionsIreland.org: Catherine Connolly". electionsireland.org. Dáta rochtana: 2020-01-29.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 Lorna Siggins. "Profile: Catherine Connolly (Ind)" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-01-29.
- ↑ "ElectionsIreland.org: Colette Connolly". electionsireland.org. Dáta rochtana: 2020-01-29.
- ↑ "Nomination of Taoiseach: 10 Mar 2016: Dáil debates (KildareStreet.com)". www.kildarestreet.com. Dáta rochtana: 2020-01-30.
- ↑ "ElectionsIreland.org: Colette Connolly". electionsireland.org. Dáta rochtana: 2020-01-30.
- ↑ "General Election 2020 Live Results | RTÉ News" .
- ↑ Wednesday, February 14, 2018-11:30 Am (2018-02-14). "Public transport is solution to Galway traffic problems, say critics to ring road proposal" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2020-01-30.
- ↑ Donncha Ó hÉallaithe (20 Samhain 2024). "Seans go mbeidh suíochán ag Gráinne Seoige agus gur idir Mairéad Farrell agus Seán Kyne a bheidh an ceann deireanach i nGaillimh Thiar" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-22.
- ↑ "People's Movement Home Page" (en). www.people.ie. Dáta rochtana: 2020-01-30.
- ↑ Tithe an Oireachtais (2020-01-17). "Comhaltas – An Coiste um Chuntais Phoiblí – 32nd Dáil – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-01-30.