Cath Hastings
Cuid de: Concas na Normannach
Cath Hastings

Bás an Rí Harold ag Cath Hastings, á léiriú ar Thaipéis Bayeux

Dáta: 14 Deireadh Fómhair 1066
Áit: Is gaire, Hastings (Oirdheisceart Shasana)
Toradh: Bua Normannach
Céilí comhraic
Na Normannaigh
(Le tacaíocht ó: na Francaigh, Briotánaigh, & Phléimeannaigh)
Na hAngla-Sacsanaigh
(Le tacaíocht ó: na Þingalið)
Ceannasaithe
Liam Concar
Alain le Roux
Guillaume Fitz Osbern
Eustache II de Boulogne
Harold Godwinson
Gyrth Godwinson
Leofwine Godwinson
Slua
~8,400 ~7,500
Taismigh
~3,000 básanna ~5,000 básanna
† Fuair bás sa choimhlint

Troideadh Cath Hastings ar 14 Deireadh Fómhair 1066 (maidin Shathairn); chloígh na Franc-Normannaigh, faoi Liam Concar, Diúc na Normainne, na Sasanaigh, faoi rí Shasana, Harold Godwinson. D'athraigh an cath cúrsaí ó bhonn san Eoraip; d'éirigh le Diúc na Normainne, Ríocht Shasana a ghabháil.

Ba í tosca an chatha ná gur bhfuair Éadbhard an Choinfeasóra bás, agus níor fhan aon sliocht air, in Eanáir 1066, rud a chur streachailt chomharbais ar bun idir roinnt éilitheoirí ar a ríchathaoir. Rinneadh rí ar Shasana de Arald go gairid tar éis bháis Éadbhaird, ach bhí air aghaidh a thabhairt ar ionraí an Diúic, a dheartháir féin Tostig agus Harald Hardråde (Rí na hIorua).

Chloigh Hardråde agus Tostig arm Sasanach (a bhí bailithe le chéile faoi dheifir) ag Cath Fulford ar 20 Meán Fómhair 1066, agus bhí an bheirt acu ina sheal féin treascartha ag Arald i gCath Stamford Bridge, cúig lá ina dhiaidh sin. Fágadh básanna na díse, Tostig agus Hardråde ag Stamford Bridge, an rí Liam amháin mar chéile comhraic tromchúiseach Harold.

Sa bhliain 911, lig Séarlas an Díreach (Laidin: Carolus Simplex) rialtóir Cairilínseach na Fraince, grúpa Lochlannach socrú síos sa Normainn faoina gceannaire Rollo.[1] D'éirigh go rathúil lena lonnaíocht,[lower-alpha 1] agus chuaigh siad in oiriúint go tapa leis an gcultúr dúchasach,[3] ag séanadh na págántachta, agus d'iompaigh siad chun na Críostaíochta.

D'idirphós siad leis an daonra áitiúil. Le himeacht ama, leathnaíodh teorainneacha na diúcachta san iarthar.

Sa bhliain 1002, d'éirigh leis an rí Æthelred II Shasana Emma, ​​deirfiúr Richard II, Diúc na Normainne.[4] Chaith a mhac Éadbhard an Choinfeasóra, blianta fada ar deoraíocht sa Normainn, agus tháinig sé i gcoróin Shasana sa bhliain 1042.[5]

Mar thoradh air seo bhí leas chumhachtach Normannach bunaithe i bpolaitíocht Shasana, mar a tharraing Éadbhard go mór ar a iar-óstach chun tacaíochta, ag tabhairt cúirteoirí, saighdiúirí agus clericigh Normannacha isteach agus ag ceapadh iad chun poist chumhachta, go háirithe san Eaglais.

 
Hic residet Harold Rex Anglorum (Anseo ina shúi Arald Rí na Sasanach).  Radharc 30-31

Géarchéim comharbais i Sasana

cuir in eagar

Fuair an Rí Éadbhard [6][lower-alpha 2] báße ar an 5 Eanáir 1066. Níor fhág bás an Rí aon oidhre ​​soiléir. Níor fhág Éadbhard aon sliocht ina dhiaidh, agus bhí sé i gcoimhlint i gcoinne Godwin, Iarla Wessex, agus a mhic, agus d'fhéadfadh sé gur spreag sé uaillmhianna Dhiúc na Normainne don ríchathaoir Sasanach.[8]

Chuir iomaitheoirí éagsúla éileamh ar ríchathaoireach Shasana chun cinn.[9] Ba é Harold) Godwinson, an t-iarla Wessex, comharba díreach Éadbhaird, an ceann is saibhre agus is cumhachtaí de na huaisle Sasanacha agus mac Godwin, a chéile comhraic roimhe sin. Bhí Harold tofa mar rí ag Witenagemot Shasana agus coróinithe ag Ardeaspag Eabhrac Ealdred, cé gur éiligh bolscaireacht Normannach go ndearna Stigand, Ardeaspag Canterbury, a thoghadh go neamhdhéiniúil, an searmanas.[9][10]

Ag an am céanna, chuir dhá rialtóir cumhachtacha in aice láimhe dúshlán ar Harold. D'éiligh Diúc Uilleam gur gheall an Rí Éadbhard an ríchathaoir dó agus gu aontaigh Harold leis seo.[11]

D'fhógair Harald III na hIorua, ar a dtugtar Harald Hardrada, go raibh sé san iomaíocht chomh maith. Bhí a éileamh ar an ríchathaoir bunaithe ar chomhaontú idir a réamhtheachtaí Magnus I ón Iorua agus an Rí Shasana Harthacanute roimhe sin, trína, más rud é go bhfuair ceann acu bás gan oidhreacht, go bhfaighe an duine eile Sasana agus an Iorua le hoidhreacht.[12]

Thug Liam agus an Rí Harald Hardråde na hIiorua araon láithreach faoi trúpaí agus longa a thabhairt le chéile le haghaidh ionraí faoi leith.[13]

Ionraí Tostig and Hardrada

cuir in eagar

Go luath sa bhliain 1066, thug deartháir Araild, Tostig Godwinson, a bhí ar deoraíocht, ruathar ar oirdheisceart Shasana le flít a d'earcaigh sé i bhFlóndras, agus ina dhiaidh sin le longa eile ón Inse Orc. Faoi bhagairt ag cabhlach Araild, bhog Tostig ó thuaidh agus d'ionsaigh sé Anglia Thoir agus Lincolnshire.

Thiomáin na deartháireacha Edwin, Iarla Mercia, agus Morcar, Iarla Northumbria ar ais chuig a long é. Tar éis an chuid is mó dá lucht leanúna é a thréigint, d'aistharraing sé go hAlbain, áit a chaith sé lár na bliana ag earcú fórsaí úra.[14]

Rinne Hardrada ionradh ar thuaisceart Sasana go luath i mí Mheán Fómhair, ag seoladh cabhlach de níos mó ná 300 long ag iompar b'fhéidir 15,000 fear. Chuaigh fórsaí Tostig i gcuideachta le harm Hardrada, a thug tacaíocht d'iarracht an rí Ioruaigh don ríchathaoir.

Ag gluaiseacht i dtreo Eabhrac, ghabh na hIoruaigh an chathair tar éis arm tuaisceartach na Sasanach faoi Edwin agus Morcar a chosc ar an 20 Meán Fómhair, ag Cath Fulford.[15]

Arm na Sasanach agus ullmhúcháin Araild

cuir in eagar

Eagraíodh arm na Sasanach ar bhonn réigiúnach, leis an fyrd nó le léibheann áitiúil, ag déanamh seirbhís freastal faoi mhóruasal áitiúil - cibé acu iarla, easpag nó siorriam [16]. Bhí an fyrd comhdhéanta d'fhir a raibh a gcuid talún féin acu, agus bhí feistithe ag a bpobal féin chun éilimh an rí a chomhlíonadh, maidir le fórsaí míleata a chur ar fáil. I gcás gach cúig híde,[17] nó aonaid talún, a bhí in ainm a bheith ábalta teaghlach amháin a chothú,[18] bhí fear amháin in ainm is a bheith in ann seirbhís a thabhairt.[17]

Dealraíonn sé gurb é an céad an t-aonad eagrúcháin is mó don fyrd. Ar an iomlán, d'fhéadfadh Sasana thart ar 14,000 fear a chur ar fáil don fryad, nuair a iarradh air. D'fhreastail an fryad de ghnáth ar feadh dhá mhí, ach amháin i gcás éigeandálaí. B'annamh go n-iarrfaí ar an fryad go léir teacht amach; tharla sé sin trí huaire idir 1046 agus 1065, i 1051, 1052, agus 1065.

Bhí grúpa cosanta pearsanta ag an rí chomh maith, ar a dtugtar housecarl, a bhí mar chnámh droma na bhfórsaí ríoga. Bhí a gcuid fórsaí féin ag cuid de na hiarlaí freisin ar housecarl iad. Throid na thegns, bodaigh mhórana áitiúla, gur úinéirí talún iad, le housecarl an rí nó cheangail siad le fórsaí an iarla nó an bhodaigh áitiúil.[16] Throid na fryd agus na housecarl ar a gcosa, agus is í an an difríocht mhór a bhí eatarthu ná go raibh cathéide níos fearr ag an housecarl. Is cosúil go nach raibh líon suntasach saighdeoir ag arm na Sasanach.[19]

Bhí lár na bliana 1066 caite ag Harold ar an chósta oirdheisceart, le arm mór agus cabhlach ag fanacht ar ionradh an rí Liam. Mílíste ba ea an chuid is mó dá chuid fórsaí gur gá leo a gcuid barra a chur isteach, agus mar gheall ar sin, ar an 8 Meán Fómhair scaoil sé leis an mhílíste agus an chabhlach.[20]

 
Suíomh Chath Stamford Bridge

Cath Stamford Bridge

Ag foghlaim faoi ionradh na Lochlannaigh, bhrostaigh sé ó thuaidh, ag bailiú fórsaí mar a chuaigh sé, agus tháinig sé aniar aduaidh orthu agus chloígh sé iad ag Cath Stamford Bridge, ar 25 Meán Fómhair 1066. Maraíodh Harald Hardrada agus Tostig, agus d'fhulaing na Lochlannaigh caillteanais chomh mór sin nach raibh ach 24 de na 300 long bunaidh ag teastáil chun iad siúd a tháinig slán as an tubaiste a iompar abhaile. Tháinig bua na Sasanach ar chostas mór, áfach, mar go raibh arm Araild fágtha i stát briste brúite agus cloíte caite.[21]

Fad is a bhí Harold agus a chuid fórsaí ag teacht chucu féin, tháinig an Rí Liam agus a chuid fórsaí ionraidh i dtír i ndeisceart Shasana ag Pevensey ar 28 Meán Fómhair 1066 agus bunaíodh trácheann an choncais. Cuireadh iachall ar Harold máirseáil go tapa ó dheas le, ag bailiú fórsaí ’s a d’imigh sé.

Bhí an blár catha aon chiliméadar déag ó thuaidh de Hastings, gearr don bhaile Battle, an lá inniu.

Ní heol dúinn go díreach an méid daoine a bhí i láthair ag an gcath; Meastar go raibh thart ar 10,000 ar thaobh an rí Liam agus thart ar 7,000 ag Arald. Tá comhdhéanamh na bhfórsaí níos soiléire; bhí saighdiúirí coise, beagnach go hiomlán, ag arm na Sasanach agus ní raibh ach beagán boghdóirí acu, cé go raibh ach thart ar leath ded fhórsa ionraidh ina choisithe, agus an chuid eile roinnte go cothrom idir marcraí agus boghdóirí.

Is cosúil go ndearna Harold iarracht teacht aniar aduaidh ar an namhaid. Ach roimh ré fuair scabhtaí amach cá raibh arm Harold agus tuairiscíodh sin chuig Liam, a mháirseáil ó Hastings go dtí an láthair chatha chun dul i ngleic le hArald.

 
Hic Harold Rex interfectus est  (anseo maraíodh an rí Arald). Radharc 57

Mhair an cath ó éirí go luí na gréine. Ní raibh éifeacht mhór ag iarrachtaí luatha na n-ionróirí chun línte cath na Sasanach a bhriseadh; dá bhrí sin, ghlac na Normannaigh an teaictic 'go raibh scaoll orthu agus go raibh siad ag teitheadh', ach ansin d'iompaigh siad in éadan​ a bhí sa tóir orthu. Mar thoradh ar bhás Harold, is dócha ag deireadh an chatha, ba chúis le cúlú agus an cliseadh na Sasanach.

Is deacair teacht ar fhigiúirí na dtaismeach ach meastar go bhfuair 2,000 ionróirí bás chomh maith le thart ar dhá 4,000 Sasanach.

Iarmhairtí

cuir in eagar

Níos faide ar aghaidh, tar éis mairmeála breise agus roinnt coimheascar, rinneadh rí ar Shasana do Liam ar Lá Nollag 1066.

Mhair ceannaircí agus frithbheartaíochtaí fós in aghaidh riail Liam, ach ba chor cinniúnach é Cath Hastings do choncas na Normannach ar Shasana.

Bhunaigh Liam mainistir ar an bhlár catha, agus, más fíor, cuireadh ardaltóir na mainistreach ar an áit ina bhfuair Arald bás.

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc Sheachtracha

cuir in eagar
  1. Bates Normandy Before 1066 pp. 8–10
  2. Crouch Normans pp. 15–16
  3. Bates Normandy Before 1066 p. 12
  4. Williams Æthelred the Unready p. 54
  5. Huscroft Ruling England p. 3
  6. Fryde, et al. Handbook of British Chronology p. 29
  7. Barlow Edward the Confessor p. 250 and footnote 1
  8. Stafford Unification and Conquest pp. 86–99
  9. 9.0 9.1 Higham Death of Anglo-Saxon England pp. 167–181
  10. Walker Harold pp. 136–138
  11. Bates William the Conqueror pp. 73–77
  12. Higham Death of Anglo-Saxon England pp. 188–190
  13. Huscroft Ruling England pp. 12–14
  14. Walker Harold pp. 144–145
  15. Walker Harold pp. 154–158
  16. 16.0 16.1 Nicolle Medieval Warfare Sourcebook lgh. 69–71
  17. 17.0 17.1 Marren 1066 pp. 55–57
  18. Coredon Dictionary of Medieval Terms and Phrases p. 154
  19. Gravett Hastings pp. 28–34
  20. Walker Harold pp. 144–150
  21. Walker Harold pp. 158–165


Earráid leis an lua: <ref> tags exist for a group named "lower-alpha", but no corresponding <references group="lower-alpha"/> tag was found