Casey Kasem
Ba aisteoir Meiriceánach é Kemal Amin "Casey" Kasem a rugadh ar an 27 Aibreán 1932 in Detroit, Michigan. Fuair sé bás ar 15 Meitheamh 2014. Staraí ceoil, fuirseoir, amhránaí agus pearsa raidió a bhí ann freisin. Grósaeirí a thuismitheoirí agus é ag fás aníos. D'fhreastail sé ar Ollscoil Wayne State.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 27 Aibreán 1932 Detroit, Michigan |
Bás | 15 Meitheamh 2014 82 bliana d'aois Gig Harbor, Washington |
Siocair bháis | Seipticéime |
Áit adhlactha | Vestre gravlund (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ardscoil Northwestern Ollscoil Stáit Wayne |
Áit chónaithe | Beverly Hills |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir gutha, dioscmharcach, aisteoir teilifíse, pearsa raidió, léiritheoir scannáin, iriseoir, aisteoir scannáin |
Tréimhse oibre | 1954 – |
Ball de pháirtí polaitíochta | an Páirtí Daonlathach |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | Jean Kasem (1980–2014) |
Páiste | Kerri Kasem, Mike Kasem |
Gradam a fuarthas
| |
|
Nuair a bhí air a sheirbhís míleata a chur isteach in Arm na Stát Aontaithe sna luath-1950idí, d'oibrigh Kasem mar láithreoir ar Armed Services Radio sa Chóiré. D'oibrigh sé do roinnt stáisiúin raidió i Michigan, California, agus áiteanna eile. Aithnítear é mar gheall ar an nguthú a rinne sé ar pháirt Shaggy sa tsraith Scooby-Doo!. Sa bhliain 2009, d'éirigh sé as an chuid is mó den obair sin mar gheall ar an néaltrú coirpíní Lewy (tinneas atá cosúil le galar Parkinson) a bheith ag éirí go trom air.[1] Ról guthaithe amháin sa bhliain 2010 an obair dheireanach leis, agus é ag déanamh guth athar Shaggy ar an tsraith theilifíse Scooby-Doo! Mystery Incorporated. Chuir cúirt é faoi chúram iníne leis, Kerri Kasem[2]. Is de shliocht Liobánach é agus is de chúlra Drúsach a mhuintir. Bhíodh sé gníomhach in eagraíochtaí Liobánacha agus Arabacha sna Stáit Aontaithe.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Kasem, Julie; Kasem, Kerri; Martin, Troy (2014-05-13). CNN Tonight. Interview with Bill Weir. CNN.
- ↑ ainm=CNS051214>"Casey Kasem’s daughter named temporary conservator for father". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 12 Bealtaine 2014.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |