Casabhach
Is bia planda é casabhach.[1] Meastar gurb iad na Máighigh i Meicsiceo a shaothraigh den chéad uair é, ach fástar mar bharr tábhachtach ar fud na dtrópaicí anois é. Is féidir leis a bheith ina luibh íseal, ina thom nó ina chrann caol, le fréamhacha méithe tiúbracha is 5-9 duilleog fheanchruthach. Bíonn na fréamhacha nimhiúil mar go bhfuil siúcra a tháirgeann ciainíd iontu, agus is gá iad a mhilleadh trí phróiseas casta scríobtha, comhbhrúite is téite. Ina dhiaidh sin is féidir raon leathan earraí a dhéanamh as, ina measc plúr casabhaigh, arán, taipióca, stáirse níocháin is deoch alcólach.[2]
Manihot esculenta | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | cassava root (en) , taipióca agus Oloyti (en) |
Planda | |
Cineál an toraidh | capsúl |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Archaeplastida |
Ord | Malpighiales |
Fine | Euphorbiaceae |
Géineas | Manihot |
Speiceas | Manihot esculenta Crantz, 1766 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): casabhach” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-06-17.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Casabhach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 119.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |