Carraig Airt
Is sráidbhaile í Carraig Airt (Béarla: Carrigart) atá suite i nGaeltacht Dhún na nGall, Poblacht na hÉireann. Tá sí suite ag bun leithinis Ros Goill, agus í ar an bhóthar R245 idir Leitir Ceanainn agus An Chraoslach. Sa bhliain 2016, bhí 222 dhuine ina gcónaí sa bhaile.[1]
Carraig Airt | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Uladh | |||
Contae in Éirinn | Contae Dhún na nGall | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
An baile
cuir in eagarCuireann an baile seirbhísí ar fáil fá choinne ceantar mór máguaird, ina n-áireamh sin ollmhargadh, trína bhfuil seirbhísí baincéireachta ar fáil; Oifig an Phoist; ionad sláinte; agus beairic de chuid na nGardaí a oibrítear go páirt-aimseartha. Tá páirc phoiblí sa bhaile fosta, agus í ar an chósta taobh thiar de na tithe atá ar an phríomhshráid. Angela Ní Ghallchóir a dhear an bhaile, agus cheiliúr an baile a chomóradh céad bliain cúpla bliain ó shin, cé go bhfuil daonra daonna san áit i bhfad roimhe sin. Baile agus ceantar móra talmhaíochta atá inti agus ina ceantar máguaird, agus tábhacht ag an talmhaíocht agus ag an turasóireacht chomh maith i ngeilleagar an bhaile. Maraon leis an chuid is mó de chósta Dhún na nGall, tá cuid mhór tithe saoire sa bhaile, go háirithe de chuid daoine as Tuaisceart Éireann.
Iompar
cuir in eagarRitheann an bus 974, arna hoibriú ag Patrick Gallagher Travel, idir Na Dúnaibh, Carraig Airt, agus Leitir Ceanainn, tríd An Ghleann, Creamhghort, Baile na nGallóglach agus Ráth Mealtain.[2]
Tábla daonra
cuir in eagarDéantar cur síos ar athruithe ar an daonra sna blianta anuas sa tábla seo thíos:[3][4]
Bliain | Daonra | Athrú | Athrú, % |
---|---|---|---|
2006 | 249 | - | - |
2011 | 228 | -21 | -8.4% |
2016 | 222 | -6 | -2.6% |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Fíor Athrú agus Athrú Céatadáin sa Daonraó 2011 go 2016 de réir Liosta Bailte in Ord Aibítre, BliainDaonáirimh agus Staitistic - StatBank - sonraí agus staitisticí". www.cso.ie. Dáta rochtana: 2019-01-31.
- ↑ Patrick Gallagher Travel. "Patrick Gallagher Bus Timetables". Patrick Gallagher Travel. Dáta rochtana: 08/05/2023.
- ↑ "Fíor Athrú agus Athrú Céatadáin sa Daonraó 2011 go 2016 de réir Liosta Bailte in Ord Aibítre, BliainDaonáirimh agus Staitistic - StatBank - sonraí agus staitisticí". www.cso.ie. Dáta rochtana: 2019-01-31.
- ↑ An Phríomh-Oifig Staidrimh (2012). "Census 2011 - Population Classified by Area" (as Béarla).