Calchas
Tá an téarma calchas[1] bunaithe ar an ngiorrúchán Rúisise колхоз (kolkhoz) a thagann as na focail коллекти́вное хозя́йство (kollektivnoye khozyaystvo), a chiallaíonn "eacnamaíocht chomhchoiteann". Mar sin, is feirm chomhsheilbhe é an calchas.
Sa bhreis ar na calchais, bhí a leithéidí agus savchais ann, is é sin, "feirmeacha Sóivéadacha" nó feirmeacha de chuid an Stáit. Na hoibrithe a bhí ag obair ar na calchais, ní bhfaighidís de phá ach a gcuid féin de bharra na feirme. An chuid ba mhó de na barra, áfach, chaithfí iad a dhíol leis an stát ar phraghas réamhshocraithe.
Go bunúsach, ní raibh mórán difríochta idir eacnamaíocht na gcalchas agus an seirfeachas feodach, agus bhí córas na bpasanna inmheánacha i bhfeidhm a choisc ar na calchasóirí aistriú ón tuath go dtí an chathair. Mar sin, fágadh na calchasóirí "ceangailte den talamh" cosúil leis na seirfigh i ré an fheodachais.
Bhí de chead ag na calchasóirí seilbh bheag talún a bheith acu chomh maith le cúpla beithíoch. Bhí fuath na ndaol ag muintir na tuaithe ar na calchais, ach ar a laghad, cheadaigh an tseilbh phríobháideach dóibh tuilleadh barr a shaothrú a d'fhéadfaidís a dhíol ar phraghas an mhargaidh, agus ba mhinic a thagadh an chuid ba mhó dá dteacht isteach as an tseilbh seo.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““calchas” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-11.
Is síol faoin Eastóin é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoin Laitvia é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoin Rúise é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol a bhaineann leis an Úcráin é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol na staire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |