Céasadh
De réir dlí, gearradh fulaingthe déine fisiciúla nó meabhraí ar dhuine, is cuma an mar phionós, imeaglú nó iachall air é féin a chiontú i gcoir. Coisceann Fógra Uilechoiteann na gCearta Daonna de chuid na Náisiún Aontaithe (1948) aon chéasadh, agus cáintear go huilíoch é. Coisceadh an céasadh ar fud na hEorpa go luath sa 19ú céad, ach déantar fós é in an-chuid tíortha ar fud an Domhain. Ní hamháin go n-úsáidtear na modhanna traidisiúnta chun pian fhisiciúil a thabhairt, ach modhanna síceolaíocha is cógaseolaíocha, cosúil le toirmeasc ar chórais na colainne le pian a mhaolú.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Céasadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 126.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |