Bundee Aki
Imreoir rugbaí proifisiúnta is ea Bundee Aki (a rugadh ar an 7 Aibreán 1990), ar dhuine de phríomhimreoirí na hÉireann sna 2020idí.[1] Is Nua-Shéalannach é, de bhunús Shamó, a imríonn i lár na páirce.
Beathaisnéis | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 7 Aibreán 1990 34 bliana d'aois Ōtāhuhu, An Nua-Shéalainn | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Auckland Ardscoil Manurewa Coláiste Truru agus Penwyth | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Meáchan | 102 kg | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Airde | 178 cm | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gairm | imreoir rugbaí | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Spórt | rugbaí aontais | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ionad ar an bhfoireann / speisialtacht | Lár na páirce | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gairm
cuir in eagarBhí ról lárnach ag Bundee Aki i mbua Chúige Chonnacht sa PRO12 an séasúr 2015/2016, agus é ainmnithe mar Imreoir na Bliana sa chomórtas céanna.[2] I mí na Nollag 2015, scóráil Aki an t-úd a chinntigh bua stairiúil na gConnachtach i bPáirc Thuamhan Thar aon imreoir. eile, b’fhéidir, b'é Aki is mó a léirigh an t-athrú a tháinig ar Chonnachta sna 2010idí.[3]
D'fhógair Cúige Chonnacht in 2016 go raibh conradh trí bhliain eile sínithe ag Bundee Aki.
Ar an 26 Deireadh Fómhair 2017, bhí Bundee Aki ainmnithe i scuad rugbaí na hÉireann den chéad uair ag Joe Schmidt. Cé gur rugadh Aki, san Nua-Shéalainn, bhí sé cáilithe chun imirt d’fhoireann na hÉireann tar éis dó trí bliana a chaitheamh ag imirt i nGaillimh.[4] Bíonn roinnt conspóide i gcónaí ann faoi na rialacha a cheadaíonn d’imreoirí nach de bhunadh na hÉireann iad imirt don fhoireann náisiúnta rugbaí, ach is cosúil gur níos Gaelaí ná na Gaeil féin a bhí Bundee Aki i Staid Twickenham Lá Fhéile Pádraig 2018, nuair a bhailigh foireann na hÉireann le chéile i lár pháirc Twickenham chun an ‘Grand Slam’ a cheiliúradh.[5]
Ag Craobh Rugbaí an Domhain in 2023, bhí Bundee Aki ar an liosta den cheathrar imreoirí ab fhearr a d’imir sa gcomórtas (cé gur buadh ar Éirinn i mbabhta ceathrú ceannais).
Shaothraigh Bundee Aki cuid mhaith níos fearr ná aon imreoir eile i gCraobh na Sé Náisiún sa bhliain 2024.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTommy Bowe, Johnny Sexton, Simon Zebo, Rob Kearney,
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Mártan Ó Ciardha (24 Márta 2024). "Bhogfadh Bundee Aki do chroí agus tá na barróga tuillte aige" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-24.
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (25 Deireadh Fómhair 2016). "Aki agus Dillane ag fanacht ar an mBóthar Beag ar feadh cúpla bliain eile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-24.
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (2 Nollaig 2015). "Scéalta spóirt: Cuma na maitheasa ar Aki, Towell agus Raonaithe na Croise…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-24.
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (26 Deireadh Fómhair 2017). "Aki istigh ach Zebo fágtha ar lár ag Schmidt" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-24.
- ↑ "Níos Gaelaí ná na Gaeil féin! As Gaeilge a bhí ceiliúradh Twickenham…a bhuíochas de Bundee Aki" (ga-IE). Tuairisc.ie (2018-03-28). Dáta rochtana: 2024-03-24.
.