An Búda
Is é an Búda an t-ainm a thugtar ar Gautama Siddartha, bunaitheoir an Bhúdachais, agus ciallaíonn sé ‘an té atá ina dhúiseacht’. Rugadh é thart faoin mbliain 550 RCR i dtuaisceart na hIndia agus ba rí é a athair.
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/b/b9/Kamakura-buddha-1.jpg/220px-Kamakura-buddha-1.jpg)
Deirtear go ndearnadh tairngreacht agus an Búda ina pháiste go rachadh sé sna manaigh nuair a bheadh fulaingt agus cruachás an domhain tugtha faoi deara aige agus go ndéanfadh sé cion tairbhe iontach tábhachtach ó thaobh na spioradáltachta de, rud nár thaitin lena athair ar chor ar bith.
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/5/54/Vesak_Day_%285730725218%29.jpg/220px-Vesak_Day_%285730725218%29.jpg)
Thóg a athair gairdín mór dó agus chuir sé cosc ar aon radharc a bhainfeadh leis an bhfulaingt. Lá amháin, áfach, d’éalaigh an Búda, agus chonaic sé ceithre radharc: seanfhear, fear tinn, marbhán agus manach. I ndiaidh dó na rudaí seo a fheiceáil, chinn sé ar phálás an rí a fhágáil le bheith ina mhanach agus fáil amach faoin mbealach ab fhearr le cosc a chur ar an bhfulaingt.
Chaith sé tamall ag staidéar leis na haiséitigh éagsúla chun ióga a fhoghlaim, ach ní raibh sé sásta leis an dul chun cinn a bhí á dhéanamh aige. D’imigh sé uathu agus shuigh sé síos faoi scáth crainn bodhi, agus mhóidigh sé fanacht ansin go mbeadh an eagnaíocht bainte amach aige.
Deirtear, agus é ina shuí ansin, gur mhothaigh sé fulaingt iomlán an chine dhaonna agus gach neach eile, ach ag deireadh na tréimhse chuaigh sé isteach sa nirbheána, ó bhí an eagnaíocht bainte amach aige.
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/1/1f/Korea-Happy_Buddha%27s_Birthday.jpg/220px-Korea-Happy_Buddha%27s_Birthday.jpg)
Ar dtús bhí rún aige fanacht ansin gan focal a rá le haon duine eile, ach deirtear go raibh guth ón dia Brahma ag impí air an t-eolas sin a roghnú. Mar sin, chaith an Búda cúig bliana is dhá fhichead ag dul gach áit ag tabhairt cuidithe do dhaoine a bhí i gcruachás.
Theagasc an Búda na ceithre fhírinne uaisle:
- Is í an fhulaingt an saol ar fad,
- is í an dúil bunús na fulaingthe,
- is é stad na dúile stad na fulaingthe, agus
- is í conair na n-ocht rian an dóigh chun sin a dhéanamh (amharc ceart, rún ceart, caint cheart, gníomhú ceart, slí bheatha cheart, iarracht cheart, aireachas ceart agus tiúchan ceart).
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/f/f1/Gautama_Buddha.jpg/220px-Gautama_Buddha.jpg)
Bhunaigh an Búda ord manach agus siúrach agus bhí lucht leanúna tuata aige fosta.
I rith na n-aoiseanna a lean, bhí líon ollmhór daoine ag leanúint a theagaisc, mar is amhlaidh inniu, agus is cinnte gur duine de mhórghiniais spioradálta i stair an domhain é an Búda.
Ceiliúrtar Lá Vesak gach bliain, i mí na Bealtaine de ghnáth (athraíonn an dáta gach bliain mar úsáidtear féilire na gealaí leis an dáta a chinntiú).[1]
Tagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |