Buamáil Warrington
Tharla Buamáil Warrington ar an 20 Márta 1993 agus cúpla dúnmharú i dTuaisceart Éireann sna laethanta i ndiaidh.[1]
| |||||
Cineál | ionsaí buamála ![]() | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | na Trioblóidí ![]() | ||||
Dáta na bliana | 26 Feabhra 1993 ![]() | ||||
Suíomh | Warrington, England ![]() | ||||
Tír | an Ríocht Aontaithe ![]() | ||||
Rannpháirtí | |||||
Íospartach | Tim Parry (en) ![]() ![]() | ||||
Líon básanna | 2 ![]() | ||||
Líon gortaithe | 56 ![]() | ||||
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/5/53/Warrington_River_of_Life_02_HD_jun_15.jpg/220px-Warrington_River_of_Life_02_HD_jun_15.jpg)
Imeachtaí
cuir in eagarPhléasc dhá bhuama de chuid an IRA phléasc dhá bhuama i mboscaí bruscair, agus daoine ag siopadóireacht ar an phríomhshráid i Warrington, Cheshire, Dé Sathairn, 20 Márta 1993.[2] Gortaíodh 56 duine agus maraíodh Jonathan Ball, trí bliana d’aois. Rinneadh coirloscadh ar an Chlub Éireannach i Warrington.
Chuaigh rudaí in olcas cúpla lá ina dhiaidh sin nuair a fuair leaid óg eile a gortaíodh sa phléasc, Tim Parry, dhá bhliain déag, bás fosta; baineadh é den mheaisín tacaíochta beatha é cúig lá tar éis na mbuamaí.
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/e/e6/Castlerock_viewed_from_beach_%282010%29.jpg/220px-Castlerock_viewed_from_beach_%282010%29.jpg)
Bhí ardteannas i dTuaisceart Éireann ag an am céanna agus dhúnmharaigh paraimíleataigh (as an UFF/UDA) seisear Caitliceach i dTuaisceart Éireannː Peter Gallagher (44) sa Westlink Enterprise Centre; James Kelly (25) i gCarraig Caiseal; James McKenna (52) i gCastlerock ; Gerard Dalrymple (58) i gCastlerock; Noel O'Kane (20) i gCastlerock; agus Damian Walsh (17) sa Dairy Farm Shopping Centre.
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/9/9c/Dolores_O%27Riordan_2016_%28cropped%29.jpeg/220px-Dolores_O%27Riordan_2016_%28cropped%29.jpeg)
Athmhuintearas
cuir in eagarLabhair tuismitheoirí Tim Parry, Colin agus Wendy, ar an teilifís i nguth suaimhneach faoin mhac iontach a bhí caillte acu, agus d’iarr siad ar mhuintir na háite gan a bheith feargach.[3]
D’fhás an ghluaiseacht síochána, The Warrington Campaign, ón phointe sin,. Tá obair leanúnach ar siúl ag a lán daoine don fheachtas ó shin, darbh ainm an Peace Foundation Curtha i gcartlann 2021-04-07 ar an Wayback Machine[4] inniu, Is é an cuspóir atá acu ná daoine óga ó Shasana, na Sé Chontae agus an Phoblacht a thabhairt le chéile agus tuiscint agus cairdeas a chruthú eatarthu.[5]
Cuimhne
cuir in eagarChum The Cranberries an t-amhrán cáiliúil, 'Zombie'. Chuir Jenny Ní Ruiséil Gaeilge air.[6]
Cinn crochta (go)(h)ísle, allta
Leanbh caillte céasta
Is go fíochmhar, (i)’dtost na hoíche
‘A chiúnagh óg ‘s aosta
Ach a chroí, ní mo bhríNí mo chlann, nó cuimhní
‘Tá ag troid, nó ag crith, iad in aighneas
Leis na tancanna lán,Lán is dallta, le gráin
I do cheann, smaointe ann, bíonn siad scantraithe
I do cheann, i do cheann,Scantraithe, scantraithe scantraithe
Céard ‘tá 'do cheann, i do cheann
Scantraithe, scantraithe, scantraithe
Croí máithre sáite báite,cráite leis an mbuairt seo
Nuair is fíochmha(i)r(e) tost ná aoibh
Is éasca ‘n phian a thabhairt leat
Mar an ‘gcéanna, ón bhliainA chailleadh, réabhlóidí
‘Siad ag troid, iad ag crith iad ag fulaingt
Lena gcroíthe chomh lán,Iad chomh lán, lena bhfonn
I do cheann i do cheann, fós in aighneas
I do cheann, cuimhní annScantraithe, scantraithe,
Céard ‘tá ‘do cheann, i do cheann
Scantraithe, scantraithe,...
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- Peace Foundation Curtha i gcartlann 2021-04-07 ar an Wayback Machine
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "CAIN: Sutton Index of Deaths". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2021-03-21.
- ↑ Breandán M Mac Gearailt (2018). "Saothar léanmhar agus suaite faoi uafás Warrington" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-21.
- ↑ Tony Birtill (Márta 2002). "Ag saothrú ar son na síochána i Warrington" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-03-21.
- ↑ "Home Page - Tim Parry Johnathan Ball Peace Foundation" (en-GB). The Foundation For Peace. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-04-07. Dáta rochtana: 2021-03-21.
- ↑ Tony Birtill (Iúil 2013). "Cruinniú Comhaontaithe" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-03-21.
- ↑ Jenny Ní Ruiséil (2018). "'Zombie'". Dáta rochtana: 2021.