Buamáil Gernika (1937)
Tharla buamáil Gernika, i dTír na mBascach, ar an 26 Aibreán 1937 le linn Chogadh Cathartha na Spáinne.
| ||||
Cineál | aerial bombing of a city (en) | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Aerial Bombings in the Spanish Civil War (en) | |||
Dáta na bliana | 26 Aibreán 1937 | |||
Suíomh | Gernika, An Spáinn | |||
Tír | Spanish Republic at War (en) | |||
Rannpháirtí | ||||
Líon básanna | 2,000 | |||
Líon gortaithe | 889 | |||
Scriosadh trí cheathrú den bhaile agus maraíodh na céadta (ar a laghad) ar an lá fuilteach úd.[1]
Thug Hitler agus Mussolini tacaíocht do na Faisistigh de chuid Franco le linn an chogaidh. D'ionsaigh na buamadóirí ón Aviazione Legionaria agus ón Léigiún Condar den Luftwaffe an baile Bascach, agus cuireadh turgnamh i gcrích, taithí a bhí tábhachtach le linn an Dara Cogadh Domhanda.
Samhailchomhartha
cuir in eagarDon chéad uair riamh, scriosadh cathair ón aer. Mar sin tá tábhacht shiombalach ag baint leis an ruathar buamála ar an lá úd inniu.
Rinne Picasso an múrmhaisiú Guernica mar fhreagairt ar eachtraí an 26 Aibreán agus cuireadh ar taispeáint sa Phailliún Spáinneach é.
Níl mórán den seanbhaile ársa fágtha sa lá atá inniu ann, taobh amuigh de chúpla foirgneamh mar an tseaneaglais i lár an bhaile, a sheas go dúshlánach in éadan bhuamadóirí Hitler agus Mussolini.[1]
Féach freisin
cuir in eagar- Guernica (pictiúr)
- Gernika (an baile)
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Ciara Nic Gabhann (EAGRÁN 73 · BEALTAINE 2007). "Buamáil Gernika: eachtra uafásach a spreag ealaíontóir chun gnímh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-04-26.