Brian Stowell
Fisiceoir, teangeolaí, múinteoir, craoltóir, agus scríbhneoir Manainnise ab ea Brian Stowell (6 Meán Fómhair 1936 – 18 Eanáir 2019), agus duine de phríomhghníomhaithe athbheochan na Manainnise sa 20ú haois. Bhí sé ina chainteoir líofa Gaeilge chomh maith agus d’aistrigh sé cúrsaí Gaeilge go Manainnis.[1]
(2015) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en-gb) Thomas Brian Stowell 6 Meán Fómhair 1936 Doolish, Oileán Mhanann |
Bás | 18 Eanáir 2019 82 bliana d'aois Doolish, Oileán Mhanann |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Learphoill |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, docent, pearsa raidió, fisiceoir |
Teangacha | Béarla, Gaeilge Mhanann agus an Ghaeilge |
Beatha
cuir in eagarRugadh Stowell in Doolish, Oileán Mhanann in 1936. Thosaigh sé ag foghlaim na teanga sa bhliain 1953. Nuair a bhí sé ina dhalta sa séú bliain, thosaigh sé ag dul timpeall an oileáin le daoine fásta, baill den Yn Çheshaght Ghailckagh[2] (An Cumann Gaelach), ag taifeadadh na gcainteoirí dúchais.[3][4] Bhain sé líofacht sa Mhanainnis amach le linn 1954-1955 nuair a bhí sé fós ina dhéagóir.
Thosaigh Stowell ag déanamh staidéar in Ollscoil Learphoill in 1955, ag gabháil don fhisic. Nuair a d’fhág sé an ollscoil sin in 1958 d’oibrigh sé mar fhisiceoir núicléach agus léachtóir i Sasana. I Learpholl, d'fhoghlaim sé Gaeilge na hÉireann. Sna 1970iidí agus 1980idí, d'aistrigh sé áiseanna teagaisc sa Ghaeilge (Buntús Cainte srl) go Manainnis.
D'fhill Stowell go Doolish in 1991 mar oifigeach teanga. Thug sé 28 bliain ag teagasc agus ag cur an teanga chun cinn.
Nuair a tháinig Raidió Mhanann ar an bhfód, bhí an-pháirt ag Stowell i bhforbairt an chraolacháin san oileán.[5] Craoltóir aitheanta ab ea é leis agus bhí sé ina chomhláithreoir ar feadh 20 bliain ar Moghrey Jedoonee, clár maidin Dé Domhnaigh ar Raidió Mhanann. Bhí sé lárnach sa scannán faisnéise Na Scanáin (Ny Scannaneyn), scannán a rinne Bob Quinn do RTÉ faoi stair agus cultúr Mhanann.[5]
Bhí Stowell ina chuid thábhachtach den Cho-haglym Celtiagh (An Chomhdháil Cheilteach) le mórán blianta freisin, agus é ag socrú imeachtaí agus cruinnithe sóisialta a thug deis do cheoltóirí óga scileanna a thaispeáint don domhan.
Tugadh aitheantas dá chuid oibre in 2009 nuair a tugadh an Reih Bleaany Vanannan (an duais chultúrtha is airde atá ar fáil i Manainn) dó. Ar Lá Tinvaal 2010, bhronn an Tinvaal (Dáil Mhanann) Onóir Tinvaal ar Stowell ar son a dhúthrachta i gcur chun cinn chultúr Mhanann — an t-aitheantas is airde is féidir le stát Mhanann a thabhairt d'aon duine.[3]
Saothar
cuir in eagarD'aistrigh Stowell leabhar dar teideal Reks Carlo ayns Mannin, scéal bleachtaireachta faoi Réics Carló, go Manainnis, a aistriúchán ar Réics Carló in Oileán Mhanann le Cathal Ó Sándair. D'aistrigh sé Buntús Cainte chomh maith (Bunneydys).
Sa bhliain 1990, d'fhoilsigh Stowell leagan Manainnise d'Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas, Contoyryssyn Ealish ayns Çheer ny Yindyssyn.
Eisean a chum an chéad bhun-úrscéal sa teanga riamh freisin, Dunveryssyn yn Tooder-Folley ("Dúnmharuithe an tSúmaire Fola"), a cuireadh i gcló sa bhliain 2006), an chéad úrscéal riamh sa teanga.
Sna 2010idí, thug Brian aghaidh ar scéal a bheatha a féin a scríobh i Manainnis, agus tháinig an leabhar amach sa bhliain 2019.
Féach freisin
cuir in eagarNaisc
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "ÓMÓS: Fathach athbheochan Gaeilge Mhanann ar lár" (ga-IE). Tuairisc.ie (2019-01-25). Dáta rochtana: 2025-01-19.
- ↑ nó Yn Çheshaght Ghaelgagh
- ↑ 3.0 3.1 Adrian Cain (2019-01-28). "Cuimhneoimid ar a uirísle agus a fhlaithiúlacht croí go deo" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2025-01-18.
- ↑ "Yn Çheshaght Ghailckagh" (as en) (2024-12-13). Wikipedia.
- ↑ 5.0 5.1 Peddyr Cubberley (2014-02-25). "Na Scanáin (Ny Scannaneyn)" Físeán ar Youtube.