Brífít
Is grúpa plandaí talún (Embryophyta) iad na brífítí, a gcaitear leo uaireanta mar fhíleam tacsanomaíoch, a bhfuil trí ghrúpa plandaí talún neamhshoithíocha (suthfhítí) iontu: na haelusanna, na cornlaigh, agus na caonaigh.[1] Sa chiall is cruinne, is éard atá san fhíleam Bryophyta ná na caonaigh amháin. Is gnách go mbíonn brífítí teoranta ó thaobh méide a agus is fearr leo gnáthóga taise. cé gur féidir le roinnt speiceas maireachtáil i dtimpeallachtaí ní ba thirime.[2]
Bryophytes | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
Fofhearann | Diaphoretickes |
For-ríocht | Archaeplastida |
Forfhíleam | Bryophytes |
Roinn plandaí neamhfheadánacha a bheireann spóir, a chuimsíonn os cionn 25,000 speiceas, ina measc caonach, aelus is cornlach. Cealla seoltacha acu gan aon fhíorfhíochán feadánach. Riosóidigh acu, fiafháis cosúil le snáithí, a cheanglaíonn an planda síos is a sheolann uisce don phlanda, ach nach fréamhacha iad. Má bhíonn duilleoga orthu ní bhíonn iontu ach tiús cille amháin, agus tiús beagán níos mó sa dual lárnach. Is í an phríomhghlúin ná an ghaiméitifít, tallas nó planda beag duilleogach. Táirgtear gaiméití fireanna (antairidiamaí) is baineanna (arcagóiniamaí), agus iompraítear iad go díreach ar dhromchla an phlanda nó strúchtúir choimpléascacha ingearacha ar ghais mhaothanacha. Is é a bhíonn sa ghlúin spóraifíteach ghearrthéarmach ná spórchochall fadghasach a fhásann díreach suas ón arcagóiniam toirchithe. Tarlaíonn atáirgeadh neamhghnéasach freisin trí gheimí, filiméid ilcheallacha a tháirgtear i gcupáin ar leith ar fhoircinn duilleog nó gais ar leith, agus is féidir leo seo fás ina phlanda nua neamhspleách, díreach mar a dhéanann bleibeanna ó phlandaí bláfara. Plandaí tíre den chuid is mó is ea na brífítí, go minic eipifíteach (ag fás ar phlanda eile, cé nach seadán é). Bíonn siad an-íogair don triomú, agus is gá uisce chun na gaiméití a chur le chéile san atáirgeadh gnéasach, agus mar sin, bíonn siad teorannaithe do ghnáthóga taise nó fliucha. Glactar leis go forleathan gur plandaí tábhachtacha táscaire íad maidir le truailliú aeir, uisce is talún.
Aicmiú Bhriaifítí
cuir in eagarNí grúpa monaifhíliginiteach atá sna briaifítí ach tá trí grúpa ann, na Marchantiophyta, Anthocerotophyta, agus Bryophyta.[3]
Struchtúr na gCaonach
cuir in eagar• Ilcheallach ach ní dhéantar difreáil i bhfíocháin. • Tá an corp ina thallas atá difreáilte i nduilleoga ‘simplí’ (i bhfoirm bíse) agus gais. • Tá fíocháin a neartaíonn agus a iompraíonn ar iarraidh nó lagfhorbartha. • Níl de thacaíocht ann seachas turgar. • Tá an cúitineach duilleoige ar iarraidh nó leochaileach mar sin bíonn sé doiligh cailliúint uisce agus teacht isteach uisce a rialú. • Níl fíorfhíochán soithíoch ann (xiléim nó fléam) le haghaidh iompair. • Níl fíor-fhréamhacha ar bith acu agus ina áit sin tá siad neadaithe ag filiméid darb ainm riosóidigh a fhásann ón ghas. • Ionsúnn dromchla iomlán an phlanda (ní hamháin na riosóidigh) uisce agus mianraí. • Scaipeann na spóir agus péacann siad nuair atá dálaí taise ann ach níl siad frithsheasmhach in aghaidh triomaithe.
Rangú na Bryophyta
cuir in eagar- Aelusanna (Marchantiophyta)
- Caonaigh (Bryophyta)
- Cornlaigh (Anthocerotophyta)
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Bitheolaíocht GCE
- Andrew's Moss Site Photos of bryophytes
- 27-May-2013 Centuries-old frozen plants revived, 400-year-old bryophyte specimens left behind by retreating glaciers in Canada are brought back to life in the laboratory.
- "Regeneration of Little Ice Age bryophytes emerging from a polar glacier with implications of totipotency in extreme environments" (22 May 2013). Proceedings of the National Academy of Sciences 110 (24): 9839–9844. doi: . PMID 23716658. Bibcode: 2013PNAS..110.9839L.
- Magill, R. E., ed. (1990). Glossarium polyglottum bryologiae. A multilingual glossary for bryology. Monographs in Systematic Botany from the Missouri Botanical Garden, v. 33, 297 pp. Online version: Internet Archive.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hedges, S. Blair (November 2002). "The origin and evolution of model organisms". Nature Reviews Genetics 3 (11): 838–849. doi: . PMID 12415314.
- ↑ "Plants and Society" (2012). New York, NY: McGraw-Hill.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Brífít". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 90.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |