Blue Lives Matter
‘Blue Lives Matter’ is ea mana na frithghluaiseachta conspóidí a tháinig chun cinn mar fhreagra ar an ngluaiseacht Black Lives Matter. Samhlaítear an dath ‘gorm’ i mBéarla Mheiriceá leis na seirbhísí póilíneachta sa tír sin agus is don tsamhail sin a thagraítear sa mana ‘Blue Lives Matter’.
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | gluaiseacht shóisialta agóid haischlib countermovement (en) ![]() ![]() | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 20 Nollaig 2014 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Suíomh gréasáin | bluelivesmatter.blue ![]() | ||||
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/d/de/Blue_Lives_Matter_Rally_in_The_Villages_Florida.jpg/220px-Blue_Lives_Matter_Rally_in_The_Villages_Florida.jpg)
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/4/49/2020-06-02-MarinCity-Protest-BlackLivesMatter-GeorgeFloyd_402.jpg/220px-2020-06-02-MarinCity-Protest-BlackLivesMatter-GeorgeFloyd_402.jpg)
Stair
cuir in eagarMaraíodh Rafael Ramos agus Wenjian Liu as an NYPD i mBrooklyn ar 20 Nollaig 2014 agus bunaíodh an fhrithghluaiseacht i ndiaidh an eachtra seo. Tharla ionsaí eile i gcathair Baton Rouge i Louisiana ar 18 Iúil 2016 inar maraíodh 3 póilíní.[1] Fuath ba bhun leis an gcoir. Tugadh reachtaíocht isteach i Stát Louisiana chun na póilíní a chosaint.
Conspóid
cuir in eagar"Gluaiseacht chiníoch atá i Blue Lives Matter" sa chaoi is go ndéanann sé “beag is fiú” den ghluaiseacht Black Lives Matter agus de dhaoine a bhfuil imní orthu faoin bhforéigean in aghaidh daoine gorma a chuirtear i leith phóilíní Mheiriceá go minic.[2]
Blue Lives in Éirinn
cuir in eagarSa bhliain 2017, thosaigh lucht na Gaeilge ar líne ag baint suilt as an íoróin a bhaineann le haistriúchán Gaeilge a rinneadh ar an mana conspóideach ‘Blue Lives Matter’.[2] ‘Gorm Chónaí Ábhar’ an Ghaeilge a cuireadh air. Sa Ghaeilge tugtar duine gorm ar dhuine a bhfuil craiceann dubh air, rud a fhágann lorg na híoróine ar an drochaistriúchán atá le feiceáil ar léine an fhir.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Nuacht RTÉ (2016-07-18). "Achainí déanta go gcuirfí síocháin i bhfeidhm i Meiriceá" (as ga).
- ↑ 2.0 2.1 Maitiú Ó Coimín (2017). "‘Blue Lives Matter’ = ‘Gorm Chónaí Ábhar’ – Gaeilgeoirí ar líne ag baint spraoi as drochaistriúchán" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-15.