Benjamin Netanyahu
Príomh-aire Iosrael agus ceannaire Likud is ea Benjamin Netanyahu (a rugadh ar an 21 Deireadh Fómhair 1949), náisiúnaí, Síónach agus ar dheis ar fad. Tá fios a ghnó aige agus in ann teacht aniar cúpla uair.
Polaitíocht
cuir in eagarChuaigh Netanyahu i mbun cheannasaíocht an pháirtí Likud i mí an Mhárta 1993.[2]
Chas Netanyahu le Yasser Arafat[1] don chéad uair, mar phríomh-aire, sa bhliain 1996. Cháin Netanyahu na Comhaontuithe Osló níos déanaí sna 1990idí agus thug a rialtas neamhaird orthu.
Éillitheacht
cuir in eagarTá smál na caimiléireachta in Iosrael ag baint le Netanyahu le fada.
Coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta
cuir in eagarAr an 20 Bealtaine 2024, d'eisigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta barántais do Netanyahu (agus ceannairí de chuid Hamas).[3][4] Dúirt príomh-ionchúisitheoir na cúirte Karim Khan go raibh iarratas déanta aige ar bharántais ghabhála mar gheall ar chúiseanna a bhain le coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta.[5][6]
Tá roinnt cúiseanna á gcur i leith Netanyah; ar na cúiseanna sin tá díothú a dhéanamh, úsáid a bhaint as an ngorta mar uirlis chogaidh, stop a chur le cabhair dhaonnúil, agus targaidí a dhéanamh d’aon ghnó de shibhialtaigh. Cuirtear ina leith freisin go bhfuil uirlis chogaidh den ocras déanta aige.
Síónachas
cuir in eagarAr an 27 Meán Fómhair 2024, ag labhairt os comhair Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, chuir Netanyahu i leith na Náisiún Aontaithe gur "eanach frith-Ghiúdach" atá ann. Chuir sé fainic ar an Iaráin gan ionsaí a dhéanamh ar a thír agus bhí sé doiléir ina chuid cainte maidir le toilteanas Iosrael leanúint le cainteanna maidir le sos cogaidh a thabhairt i bhfeidhm in Gaza ná sa Liobáin.[7]
Pearsanta
cuir in eagarFear mór ban atá i Netanyahu; phós sé trí uair agus bhí caidrimh sheachphósta go leor aige thar na blianta. Ba mhíchuibhiúil mar a fuarthas é lena chomhairleoir Ruth Bar, sa bhliain 1993 agus rinneadh físeán graosta de. In ainneoin sin, chuaigh sé i mbun cheannasaíocht an pháirtí Likud i mí an Mhárta 1993.[2]
Maraíodh deartháir Netanyahu (Lt. Col. Yonatan Netanyahu) sa ruathar tarrthála "Oibríocht Entebbe" sa bhliain 1976.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Ar an 20 Eanáir 1996, toghadh Arafat ina uachtarán ar an Údarás Palaistíneach (Palestinian National Authority).
- ↑ 2.0 2.1 The Independent (1993). "Netanyahu wins battle for leadership of Likud". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-01-26. Dáta rochtana: 2024-09-30.
- ↑ "Statement of ICC Prosecutor Karim A.A. Khan KC: Applications for arrest warrants in the situation in the State of Palestine | International Criminal Court". web.archive.org (2024-05-20). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-05-20. Dáta rochtana: 2024-10-17.
- ↑ ExtraG.ie (2024-04-24). "Breatain 'ag déanamh damáiste d'aon ghnó do chearta daonna'" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-05-22.
- ↑ cc-cpi.int (2024-05-20). "Statement of ICC Prosecutor Karim A.A. Khan KC: Applications for arrest warrants in the situation in the State of Palestine | International Criminal Court". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-05-20. Dáta rochtana: 2024-05-22.
- ↑ Felix Pope. "ICC to seek arrest warrant against Netanyahu and Yahya Sinwar" (en). www.thejc.com. Dáta rochtana: 2024-05-22.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-09-27). "Na scórtha taidhleoir siúlta amach agus Netanyahu ag labhairt" (as ga-IE).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |