Bashar al-Assad
Iar-Uachtarán na Siria is ea Bashar al-Assad (Araibis: بشار الأسد, Bašār al-Asad), agus Rúnaí an Pháirtí Baath (a rugadh ar an 11 Meán Fómhair 1965). Deachtóir marfach ba ea é, a bhí i gceannas ar an Siria ó 2000 go dtí 2024.
Is de bhunadh an phobail Alabhaí muintir Assad a bhí i gceannas sa tSiria ó 1971. Mac leis an Iar-Uachtarán Hafez al-Assad, deachtóir tíoránta chomh maith, is ea Bashar al-Assad. Mionlach is ea an pobal Alabhaí sa tSiria – tuairim is 10% den daonra – a raibh cumhacht díréireach acu ar an tír go dtí gur cloíodh Assad in 2024.[1]
Saol
cuir in eagarOftailmeolaí is ea Bashar al-Assad. Bhain sí cáilíocht amach mar dhochtúir sa Damaisc sna 1980idí. Rinneadh sé staidéar sa Western Eye Hospital, Londain, le linn 1992-1994.
Bhí Bashar al-Assad ina uachtarán ó 2000 nuair a bhásaigh a athair Hafez.[2] Choimeád sé smacht ar an tSiria leis an lámh láidir ar feadh 24 bliain.
Bhris agóidí ar son an daonlathais amach sa tSiria ar an 15 Márta 2011. Chuir Assad na hagóidí faoi chois gan taise. Mharaigh fórsaí Assad 306,000 sibhialtach ar a laghad i gcogadh cathartha Shiria (fuair b'fhéidir os cionn leathmhilliún duine bás).[3]
Fógraíodh go raibh an cogadh thart nuair a chuir Léig na nArabach fáilte roimh Assad i mí na Bealtaine 2023.[4] Nó sin a cheap an Léig agus Assad.
Treascairt
cuir in eagarThacaigh an Rúis agus Iaráin le réimeas Assad thar na blianta. Ach ní raibh an oiread cumhachta acu agus a bhíodh i mí na Samhna 2024. Mar sin bhí ar Assad déanamh as dó féin. Ach thit an tóin as an réimeas faoi cheann cúpla lá mar chaisleán cártaí. Thosaigh ceannaircigh in oirthear agus i dtuaisceart na Siria ag gluaiseacht chun cinn ag deireadh mí na Samhna,. Chuir sé iontas ar gach dream nach mór a éasca a bhí sé acu seilbh a ghabháil ar bhailte móra agus iad ar a mbealach siar.[1]
Ghabh na reibiliúnaigh[5] seilbh ar an bpríomhchathair, an Damaisc, gan mórán stró , i mí na Nollag 2024. Theith al-Assad an tír ar an 7 nó 8 Nollaig. Fuair Assad agus a theaghlach tearmann sa Rúis.[1]
Cóir
cuir in eagarDúirt Ard-Choimisinéir Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe, Volker Türk, in 2024 gur cheart aon duine sa tSiria a rinne ainghníomhartha faoi réimeas Bashar al-Assad a thabhairt chun an dlí.
Pearsanta
cuir in eagarBhí cnuasach iontach carranna curtha i dtoll a chéile ag Assad, Delorean as Béal Feirste ina measc.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2024-12-09). "Náisiúin Aontaithe lena bhfuil i ndán don tSiria a phlé" (as ga-IE).
- ↑ "Tugtar Bashar al-Assad agus aon duine a rinne ainghníomh sa tSiria chun an dlí – na Náisiúin Aontaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-12-09). Dáta rochtana: 2024-12-09.
- ↑ Eoin Ó Murchú (14 Deireadh Fómhair 2024). "Cinedhíothú is ea cinedhíothú – seasaimis gan leithscéal le muintir na Palaistíne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-09.
- ↑ "The Arab League clears the Assad regime" (en). Le Monde.fr (2023-05-09). Dáta rochtana: 2023-08-20.
- ↑ Comhghuaillíocht ba ea na ceannaircigh a raibh an grúpa Ioslamach Hayat Tahrir al-Sham ar a cheann.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |