Banc Ceannais na hÉireann
Tá Banc Ceannais na hÉireann freagrach as baincéireacht cheannais agus as rialáil airgeadais.[1] Bunaíodh eagraíocht aonair lán-chomhtháite atá freagrach as baincéireacht cheannais agus as rialáil airgeadais araon sa bhliain 2010 [2].
Sonraí | |
---|---|
Cineál | banc ceannais |
Stair | |
Téann in áit | Coimisiún an Airgid Reatha |
Dáta a bunaíodh | 1942 |
Gníomhaíocht | |
Ball de | International Statistical Institute (en) Network for Greening the Financial System (en) |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Uachtaránacht | Patrick Honohan (–2015) Philip R. Lane (2015–2019) Gabriel Makhlouf (2019–) |
Cuid de | European System of Central Banks (en) |
Suíomh gréasáin | centralbank.ie |
Ba é a d’eisigh nótaí bainc agus monaí an phunt Éireannach go dtí gur tugadh isteach an t-airgeadra Euro, agus cuireann sé an tseirbhís seo ar fáil anois don Bhanc Ceannais Eorpach.
Bunaíodh Banc Ceannais na hÉireann an 1 Feabhra 1943, agus ón 1 Eanáir 1972 i leith tá sé ina bhaincéir ag Rialtas na hÉireann de réir Acht an Bhainc Ceannais 1971, ar féidir a fheiceáil i dtéarmaí reachtaíochta mar rud a chuir an t-aistriú fada ó bord airgeadra chuig banc ceannais lánfheidhmiúil.
Bhí a cheannoifig, foirgneamh Bhanc Ceannais na hÉireann, suite ar Shráid an Dáma, Baile Átha Cliath ó 1979 go dtí 2017. Dúnadh a oifigí i gCúirt Uíbh Eachach agus i bhFaiche an Choláiste ag an am céanna freisin. Ó mhí na Mhárta 2017, tá a cheanncheathrú lonnaithe ar Ché an Phoirt Thuaidh, áit ar féidir leis an bpobal monaí agus airgeadra Éireannach neamhreatha (roimh agus iardheachúlú) a mhalartú le haghaidh Euro, chomh maith le nótaí bainc Euro ardluacha agus airgeadra “lotaithe”. Is é an tIonad Airgeadra (Miontús Éireann) ag Áth an Ghainimh suíomh monaraithe airgeadra, trádstórais agus dáileacháin an bhainc.
Rinneadh dochar do chlú an Bhainc Ceannais i ngéarchéim airgeadais na hÉireann, cé go ndearnadh athchóiriú suntasach ar a struchtúir agus a bheartais le linn na tréimhse sin. Tá méadú tagtha ar a fhoireann foirne agus tá feabhas ag teacht i gcónaí ar a seasamh idirnáisiúnta mar thoradh ar a feachtas athchóirithe.
Ról rialála
cuir in eagarIs é ról rialáil airgeadais ná maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na ndreamanna seo a leanas:[3]
- Institiúidí creidmheasa, idirghabhálaithe infheistíochta, malartáin airgeadais, stocbhróicéirí, scéimeanna comhinfheistíochta, cistí, cúiteamh d’infheisteoirí agus saincheisteanna a bhaineann le tomhaltóirí
- Árachas saoil, árachas ginearálta agus saincheisteanna a bhaineann le tomhaltóirí
- Comhair Chreidmheasa
- Iasachtóirí airgid, idirghabhálaithe morgáiste agus creidmheasa, monatóireacht a dhéanamh ar na táillí a ghearrann institiúidí ar thomhaltóirí agus saincheisteanna a bhaineann le tomhaltóirí
Déanann an Banc Ceannais monatóireacht agus forfheidhmiú ar chosaint tomhaltóirí, ar iompar gnó agus ar riachtanais stuamachta na n-institiúidí airgeadais atá ag feidhmiú in Éirinn. Beartaíonn an Banc Ceannais freisin ar cad iad na riachtanais is bunúsaí inniúlachta is gá do ghnólachtaí iad a chomhlíonadh.
Fógraíodh i mí na Bealtaine 2022 go gceapfaí Sharon Donnery mar Leas-Ghobharnóir le freagracht as rialáil airgeadais i mí Iúil 2022.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Ról Bhanc Ceannais na hÉireann, www.centralbank.ie
- An tAcht um Athchóiriú an Bhainc Ceannais 2010 Curtha i gcartlann 2011-07-26 ar an Wayback Machine
- Agallamh le T.K.Whitaker, Gobharnóir, Banc Ceannais na hÉireann, 1969–1976 ar TG4, 2006 agus alt anseo.[4]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ centralbank.ie (2010). "Tuarascáil Bhliantúil, 2010". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "An tAcht um Athchóiriú an Bhainc Ceannais 2010". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-07-26. Dáta rochtana: 2013-02-26.
- ↑ "SaolOibre.ie - Baincéireacht & Seirbhísí Airgeadais". cc.saoloibre.ie. Dáta rochtana: 2021-01-26.
- ↑ Bernardine Nic Giolla Phádraig (2004). "TK Whitaker" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-01-26.