Baile Átha Cliath Thiar (Dáilcheantar)

Is Dáilcheantar 5 suíochán (4 suíochán roimh 2024) é Baile Átha Cliath Thiar.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile Átha Cliath Thiar

Suíomh
Map
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iaraonán críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1981
Aitheantóir tuairisciúil
Ruth Coppinger, 2016
Roderic O’Gorman, 2014

Toghcháin

cuir in eagar

Olltoghchán 2016 (4 suíochán)

San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Leo Varadkar (Fine Gael), Jack Chambers (Fianna Fáil), Ruth Coppinger (CFD-CPRB) agus Joan Burton (LO). Theip ar Roderic O’Gorman (Comhaontas Glas) agus Catherine Noone (FG).

Olltoghchán 2020 (4 suíochán)

San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Paul Donnelly (Sinn Féin), Leo Varadkar (Fine Gael), Jack Chambers (Fianna Fáil) agus Roderic O’Gorman (Comhaontas Glas). Bhí Paul Donnelly (SF) ar bharr an chomhairimh in 2020 le 12,456 vóta agus toghadh é ar an gcéad chomhaireamh. Ní raibh ach iarrthóir amháin ag Sinn Féin; botún a bhí ann. Ruth Coppinger (PsB) is fearr a rinne as scaipeadh an fharasbairr de 3,730 vóta: fuair sí 50% acu, ach fós bhí sí 500 vóta gann ar shuíochán.

Chaill Joan Burton (LO), iarcheannaire Pháirtí an Lucht Oibre agus iarThánaiste, a suíochán in 2020. Ní bhfuair sí ach 2,096 vóta.

Sna toghcháin áitiúla 2024 fuair Fine Gael 16% den vóta agus fuair Fianna Fáil 17%. Bhí 14% ag an Lucht Oibre.

Olltoghchán 2024 (5 suíochán)

Ní raibh ach athrú beag curtha ar an dáilcheantar ach de bharr méadú sa daonra tá suíochán breise le líonadh. 16 iarrthóir a bhí ar an bpáipéar ballóide, ina measc triúr den cheathrar Teachtaí Dála a toghadh in 2020. D'éirigh an t-iarThaoiseach Leo Varadkar (FG) as.[1]

San Olltoghchán 2024, atoghadh Jack Chambers (FF) agus Paul Donnelly (Sinn Féin). Toghadh chomh maith Emer Currie, Fine Gael agus Ruth Coppinger ((CFD-CPRB). Toghadh Roderic O’Gorman (CG) don 5ú suíochán i ndiaidh an 13ú comhaireamh. Níor éirigh le Comhaontas Glas aon suíochán eile a bhuachan san olltoghchán 2024.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Donncha Ó hÉallaithe (28 Samhain 2024). "Idir mhaith agus olc d’Fhianna Fáil in iarthar na hardchathrach, an-seans ag Coppinger filleadh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-02.