Arthur Balfour
Ba pholaiteoir agus Phríomh-Aire na Ríochta Aontaithe é Sir Arthur James Balfour, 1st Earl of Balfour (a rugadh 25 Iúil 1848 agus a d'éag 19 Márta 1930), go mór i bhfách leis an eite dheas agus fear a tharraing conspóid lena bheo agus lena mharbh.
Gairm
cuir in eagarPríomh-Rúnaí na hÉIreann ba ea é, 1887-1891.[1] Sa bhliain 1891, bhunaigh sé Bord na gCeantar Cúng chun bochtaineacht agus coinníollacha maireachtála plódaithe in iarthar agus iarthuaisceart na hÉireann a mhaolú.
Rúnaí Gnóthaí Eachtracha sa Bhreatain ba ea Balfour idir 1916-1919.
Ar 2 Samhain 1917 d'fhógair Balfour go mbunófaí stát Giúdach sa Phalaistín. Tugtar an "Balfour Declaration" nó Dearbhú Balfour, 1917 air, i gcroí na coimhlinte sa Mheánoirthear sa lá atá inniu ann. Mar sin gheall na Sasanaigh “tír dhúchais” do na Giúdaigh. Ní raibh á ofráil do na hArabaigh ach an moladh nach n-imreofaí leatrom orthu.
B'fhéidir nach raibh ach iarracht ann i bhforógra Balfour Giúdaigh an domhain a mhealladh chuig cúis na Comhghuaillíochta sa Chéad Chogadh Domhanda.[2] Ach bhí impleachtaí tromchúiseacha ag baint leis.
Sa bhliain 2017, dúirt Príomh-Aire na Breataine, Theresa May go mbeadh sí ag comóradh an fhorógra “le bród”.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ NLI. "Sa tóir ar íomhánna den Ghorta Mór? ‘Éire ag streachailt leis an ngorta agus an tUasal Balfour ag imirt gailf’" (ga). www.nli.ie. Dáta rochtana: 2023-11-03.
- ↑ 2.0 2.1 Robert McmIllen (2017-08-09). "Céad bliain ó foilsíodh Forógra Balfour, ní bheidh George Galloway ag ceiliúradh" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2023-11-03.
- ↑ "Doiciméid maidir le Beartas Eachtrach na hÉireann - Department of Foreign Affairs". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2023-11-03.
- ↑ "Balfour Declaration of 1926" (as en) (2023-09-25). Wikipedia.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |