Ardchros agus Séadchomhartha Náisiúnta is ea Ardchros Naomh Marcas atá suite i mBaile Coimín, Co. Chill Mhantáin, Éire.[1][2]

Ardchros Naomh Marcas
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálArdchros Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Coimín, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 09′ 41″ N, 6° 32′ 29″ O / 53.1614989°N,6.54141°W / 53.1614989; -6.54141
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir280
Snoíodóireacht ag bun na croise, ag léamh "1400"

Tá Crois Mharcais suite faoi láthair ag balla theas reilig Bhurgáiste, Baile Coimín, 600 m siar ón Life.[3]

Cuireadh Crois Mharcais in airde sa 12ú haois in aice le séipéal agus tobar beannaithe i mBurgáiste Mór. Sa 19ú haois, tugadh Crois Naomh Baoithín air freisin. Cuireadh an suíomh faoi uisce le linn cruthú Taiscumar Pholl an Phúca, agus bogadh an chros go Reilig Bhurgáiste.[4]

Tá an chros déanta as eibhear gormliath agus seasann sí 4.3 m (14 tr) in airde. Tá fáinne gan poll ag an gcros, murab ionann agus formhór cros Ceilteacha, agus lámha neamhghnách ina fhad. Tá bocóid mhaisiúil i lár an dá aghaidh. Ar bhonn na croise tá inscríbhinn síonchaite.[5]