An tSairdínis
Labhraítear Sairdínis sa tSairdín. Is í an Iodáilis teanga oifigiúil na Sairdíne cosúil leis an gcuid eile den Iodáil, ach úsáideann muintir dhúchasach an oileáin canúintí atá difreáilte go mór ón Iodáilis. Mar sin, is féidir a rá go bhfuil a leithéid de theanga ann agus an tSairdínis, nó Sardu.
sardu | |
---|---|
![]() | |
Cineál | teanga, teanga mhionlaigh, macraitheanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 1,300,000 (2017) |
Á labhairt | an tSairdín |
Dúchasach do | an tSairdín |
Stáit | an Iodáil, an Astráil, an Ghearmáin, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Ríocht Aontaithe |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Iodáilice teangacha Rómánsacha Southern Romance (en) ![]() | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach |
Cóid | |
ISO 639-1 | sc |
ISO 639-2 | srd |
ISO 639-3 | srd |
Glottolog | sard1257 |
Ethnologue | srd |
IETF | sc |
Tá an teanga roinnte ina dhá príomhchanúint, mar atá, an Logudóiris agus an Champadáinis, agus iad chomh difriúil le chéile is go bhfuil sé beagnach dodhéanta aon teanga liteartha amháin a chaighdeánú don bheirt acu. Leis an scéal a dhéanamh níos casta fós, labhraítear dhá chanúint eile sa tSairdín nach ndearcann lucht a labhartha orthu mar Shairdínis, is é sin, an tSasáiris agus an Ghalúiris. Le fírinne, is fearr a rá gur canúintí Corsaicise iad seo, más fíor nach canúintí Iodáilise iad. Thairis sin, is í an Chatalóinis teanga Chathair Alghero.
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/5/58/Lingue_di_Sardegna_mod.gif/220px-Lingue_di_Sardegna_mod.gif)
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarIs síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |