An Sealad Pléisticéineach
Is é an Sealad Pléisticéineach an sealad luath den dá ré sa tréimhse Cheathartha dheireanach, 2 mhilliún go dtí timpeall 10,000 bliain ó shin. Sa leathsféar thuaidh, tharla cuid mhaith tréimhsí oighrithe inar leathnaigh an t-oighear ó dheas is ar chúlaigh arís. Ba shuntasach gur díothaíodh mamaigh, cosúil leis an mamat is an mastadán, sna limistéir oighrithe, gur tharla éabhlóid an duine, agus gur tháinig cuid mhaith de bheatha mhamach an lae inniu chun cinn le linn na ré.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Pléisticéineach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 526.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |