An Chomhairle Eorpach
Is í an Chomhairle Eorpach a shainíonn treoir agus tosaíochtaí polaitiúla foriomlána an Aontais. De bhrí nach ceann d'institiúidí reachtaíochta an Aontais í, ní dhéanann sí caibidlíocht i leith dlíthe ná ní ghlacann sí dlíthe. Ina ionad sin, leagann sí amach clár oibre beartais an Aontais; is gnách go ndéantar sin trí 'chonclúidí' a ghlacadh le linn chruinnithe na Comhairle Eorpaí, ina sainaithnítear cúiseanna imní agus bearta a bhíonn le déanamh.
(en) European Council (sv) Europeiska rådet (sl) Evropski svet (fi) Eurooppa-neuvosto (sk) Európska rada (ro) Consiliul European (pl) Rada Europejska (nl) Europese Raad (mt) Kunsill Ewropew (hu) Európai Tanács (lt) Europos Vadovų Taryba (lv) Eiropadome (hr) Europsko vijeće (ga) An Chomhairle Eorpach (fr) Conseil européen (el) Ευρωπαϊκό Συμβούλιο (et) Euroopa Ülemkogu (de) Europäische Rat (da) Det Europæiske Råd (cs) Evropská rada (es) Consejo Europeo (bg) Европейски съвет (it) Consiglio europeo (pt) Conselho Europeu ![]() | |||||
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh executive branch (en) ![]() comhairle ![]() | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 9 Nollaig 1974 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú (2017–) | |||||
Uachtaránacht | António Costa (2024–) ![]() | ||||
Uachtarán na Comhairle Eorpaí ![]() | António Costa (2010–luach ar iarraidh) ![]() | ||||
Máthaireagraíocht | an tAontas Eorpach ![]() | ||||
Codanna | |||||
Suíomh gréasáin | consilium.europa.eu… ![]() | ||||
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/2/2f/Europa_building.jpg/220px-Europa_building.jpg)
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/8/8a/Familiefoto_europese_raad_2011.jpg/220px-Familiefoto_europese_raad_2011.jpg)
Comhaltaí na Comhairle Eorpaí
cuir in eagarIs iad cinn stáit nó rialtais 27 mBallstát an Aontais, Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh comhaltaí na Comhairle Eorpaí.
Glacann Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála páirt freisin i gcruinnithe na Comhairle Eorpaí nuair a phléitear gnóthaí eachtracha.
Próiseas cinnteoireachta
cuir in eagarDen chuid is mó, is de chomhthoil a ghlacann an Chomhairle Eorpach a cuid cinntí. Mar sin féin, i gcásanna áirithe, ar a dtugtar cuntas i gconarthaí an Aontais, is d'aontoil nó trí thromlach cáilithe a dhéantar cinneadh.
Más gá vóta a chaitheamh, ní fhéadfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí ná Uachtarán an Choimisiúin páirt a ghlacadh sa chúram sin.
Uachtarán na Comhairle Eorpaí
cuir in eagarBíonn an tUachtarán ina chathaoirleach ar chruinnithe na Comhairle Eorpaí agus stiúrann sé a cuid imeachtaí. Eisean a áirithíonn go ndéantar ionadaíocht sheachtrach ar an Aontas Eorpach ar a leibhéal féin freisin maidir le saincheisteanna a bhaineann le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais. Chun cabhrú leis/léi ina chuid gníomhaíochtaí, tá a oifig phríobháideach féin, an Cabinet, ag an tUachtarán.
Is é Charles Michel Uachtarán na Comhairle Eorpaí ón 1 Nollaig 2019 i leith. Príomh-Aire na Beilge ab ea é ar feadh 5 bliana roimhe sin.
IarUachtaráin na Comhairle Eorpaí
cuir in eagarDonald Tusk (2014-2019)
Herman Van Rompuy (2009-2014)