An Amáiris
Is í an Amáiris (አማርኛ āmariññā) an teanga is tábhachtaí san Aetóip agus an t-aon teanga amháin a bhfuil stádas oifigiúil aici ar fud na tíre. Is í an dara teanga Sheimíteach is mó cainteoirí. Is é an córas a úsáidtear le hAmáiris a bhreacadh ar pár ná cineál aibítir shiollach ar a dtugtar abugida. San aibítir seo, seasann gach litir d'aon siolla amháin, ionas go bhfuil comhartha an chonsain agus comhartha an ghuta cumaiscthe le chéile sa litir; san am céanna, is féidir a aithint i gcónaí, cén chuid den litir a sheasann don ghuta nó don chonsan.
አማርኛ | |
---|---|
Cineál | teanga nádúrtha agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 21,900,000 (2019) |
Dúchasach do | Adas Ababa agus Amhara Region (en) ![]() |
Stáit | an Aetóip, an Eiritré, an tSomáil, an tSúdáin agus Iosrael |
![]() | |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Afra-Áiseacha teangacha Seimíteacha South Semitic (en) ![]() Ethiopian Semitic (en) ![]() | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | Geʽez script (en) ![]() |
Cóid | |
ISO 639-1 | am |
ISO 639-2 | amh |
ISO 639-3 | amh |
Glottolog | amha1245 |
Linguasphere | 12-ACB-a |
Ethnologue | amh |
ASCL | 9214 |
IETF | am |
Mar theanga Sheimíteach, tá an Amáiris gaolmhar leis an Araibis, leis an Aramais, agus leis an Eabhrais. Is iad na gaolta is dlúithe atá aici i Leithinis na hAraibe, áfach, na teangacha a bhí á labhairt ag muintir Dheisceart na hAraibe sula ndeachaigh an Araibis (nach raibh inti ach teanga an Tuaiscirt ar dtús) ina n-áit le teacht Ioslam.
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/e/e3/Ethiopian_anthem_%28since_1992%29_in_amharic.jpg/220px-Ethiopian_anthem_%28since_1992%29_in_amharic.jpg)
Murab ionann agus an Araibis is an Eabhrais (nó an Ghaeilge), cuireann an Amáiris an aidiacht roimh an ainmfhocal (cosúil leis an mBéarla). Tionchar ó theangacha neamh-Sheimíteacha an réigiúin is cúis leis an athrú seo, is dócha. Ceann eile de shaintréithre na dteangacha Seimíteacha nach bhfuil chomh coitianta san Amáiris is ea na "hiolraí briste", a úsáidtear go minic san Araibis - is é sin, cuirtear uimhir iolra an ainmfhocail in iúl tríd na gutaí taobh istigh den fhocal a athrú. Ní féidir a rá go mbeadh na hiolraí briste seo imithe go hiomlán as an Amáiris, ach tá sé i bhfad bhfad níos tipiciúla iarmhír iolra a chur leis an ainmfhocal. Na hiolraí briste a úsáidtear i gcónaí, is iasachtaí iad go minic as an teanga Ge'ez. Is éard atá i gceist leis an teanga Ge'ez ná seanteanga chlasaiceach na hAetóipe a mbaintear úsáid éigin aisti i gcónaí san eaglais. Tá sí gaolmhar leis an Amáiris, ach is dócha go bhfuil an gaol leis an Tigrinis níos dlúithe.
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/d/d9/Amharic_vowel_chart.svg/220px-Amharic_vowel_chart.svg.png)
Siúd is nach mbíonn na hiolraí briste coitianta san Amáiris a thuilleadh, tá córas na dtamhan tríchonsanach is dual do na teangacha Seimíteacha ann, agus baintear úsáid as le focail nua a fhréamhú is a chumadh san Amáiris.
Tagairtí
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarIs síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |