Amhrán na Mara (scannán)
Is scannán beochana é Amhrán na Mara (Béarla: Song of the Sea), a rinne an comhlacht cartúin Cartoon Saloon (lonnaithe i gCill Chainnigh) sa bhliain 2014. Tá an scéal foilsithe mar leabhar freisin.[1]
Song of the Sea | ||
---|---|---|
Buneolas | ||
Stiúrthóir | Tomm Moore | |
Léiriú | Paul Young | |
Dearthóir léiriúcháin | Adrien Mérigeau | |
Script | Tomm Moore agus Will Collins | |
Ceol | Bruno Coulais | |
Dáileoir | GKIDS (en) agus Vudu | |
Mionsonraí | ||
Tír bhunaidh | Lucsamburg, an Fhrainc, Éire, an Bheilg agus an Danmhairg | |
Céadléiriú | 6 Meán Fómhair 2014 | |
Fad ama | 93 min | |
Bunteanga | Béarla | |
Dath | daite | |
Buiséad | 7,500,000 $ | |
Tuilleamh | 9,371,908 $ (domhanda) 857,524 $ (Stáit Aontaithe Mheiriceá) | |
Cur síos | ||
Seánra | scannán fantaisíochta, scannán do pháistí, scannán beochana agus scannán don teaghlach go léir | |
Rátáil MPAA | PG | |
Príomhábhar | mourning (en) , sibling relationship (en) , Aos Sí, psychological repression (en) , féinfhollasú agus maighdean róin | |
Suíomh scéalaíochta | Éire | |
Liosta na ngradam agus na n-ainmniúchán | ||
Ainmnithe do | Academy Award for Best Animated Feature (en) (2015) European Film Award for Best Animated Feature Film (en) (2015) | |
Gradam a fuarthas | ||
Suíomh gréasáin oifigiúil | songoftheseamovie.blogspot.ie | |
| ||
|
Scéal
cuir in eagarCúlra
cuir in eagarTá an plota bunaithe ar scéal rúndiamhair na banrónta (selkies), mná a thiontaíonn ina rónta.[2] Tógann an scannán inspioráid ó bhanrónta miotaseolaíocha bhéaloideas na hÉireann, neacha a chónaíonn mar rónta san fharraige ach mar dhaoine ar thalamh.
Plota
cuir in eagarLeanann an scéal eachtraí an phríomhcharachtair Saoirse (an leanbh-rón deireanach) agus a deartháir Ben, 10 mbliain d'aois.
Tugtar le fios ag tús an scannáin gur cailleadh máthair Shaoirse dá droim. Cé go bhfuil Saoire sé bliana d’aois, ní labhraíonn sí focal. Tá na páistí ina cónaí ar oileán mara lena n-athair, atá i bhfeighil an tí solais.
Tar éis dá máthair imeacht gan tásc gan tuairisc, tagann an tseanmháthair ar cuairt chucu go minic agus bíonn ag tathant orthu i rith an ama an t-oileán a thréigean agus bualadh fúthu sa gcathair.[3]
Faoi dheireadh, cuirtear Ben agus Saoirse chun cónaí lena seanmháthair sa chathair.
Nuair a chinneann na páistí ar fhilleadh ar a mbaile cois farraige, tá baol ann nach n-éireoidh leo a n-aistear a chur i gcrích ach go dtarraingeofar isteach i ndomhan eile iad nach bhfuil cur amach ag Ben air ach amháin sna síscéalta a chuala sé óna mháthair. Téann na gasúir mar sin ar thuras iontach isteach i ndomhan draíochta na finscéalaíochta ársa atá ag dul i léig in iarracht filleadh ar a mbaile cois farraige. Níos faide anonn sa scannán, éalaíonn na páistí leo agus tugann siad aghaidh ar a bhfód dúchais.
Fan na slí bíonn eachtraíocht leis an slua sí, ulchabháin, Macha, Mac Lir agus go leor eile nach iad.[4]
Léiriúchán
cuir in eagarIs éard atá in Amhrán na Mara ná an leagan Gaeilge den scannán (an bheochan chéanna ann ach le guthanna Gaeilge) a deineadh le cómhaoiniú ó TG4. Tá guthanna Lisa Hannigan, Lucy O'Connell, Fionnula Flanagan, Brendan Gleeson, Pat Shortt, David Rawle, Jon Kenny, Liam Hourican agus Colm Ó Snodaigh le cloisteáil sa scannán. Bhí cuid de na haisteoirí céanna i gceist sa dá leagan, na piardaí móra Brendan Gleeson agus Fionnuala Flanagan san áireamh.[4]
Duaiseanna
cuir in eagarBhí Amhrán na Mara ainmnithe ar gearrliosta amháin (an catagóir ‘’Scannán Beochana is Fearr’’) do dhuaiseanna na Oscars sa bhliain 2015.
Ceol
cuir in eagarIs iad Kíla, in éineacht leis an chumadóir Bruno Coulais, a chum an ceol. I measc na rianta ar an fhuaimrian tá an t-amhrán Gaeilge, Amhrán na Farraige, atá á chanadh ag an amhránaí clúiteach Lisa Hannigan. Tá an t-amhrán Gaeilge seo mar chuid den fhuaimrian sa leagan Béarla.
Tá an fuaimrian foilsithe mar CD[5] agus tá an bheochan le fáil mar DVD freisin[6].
Traicliosta
cuir in eagar- "Song of the Sea (casadh ag Lisa Hannigan)" – 2:42
- "The Mother's Portrait" – 2:26
- "The Sea Scene" – 2:42
- "The Song (casadh ag Lisa Hannigan agus Lucy O'Connell)" – 5:16
- "The Key in the Sea" – 0:59
- "The Derry Tune" – 1:58
- "In the Streets" – 1:05
- "Dance with the Fish" – 2:05
- "The Seals" – 0:45
- "Something Is Wrong (casadh ag Lisa Hannigan)" – 2:04
- "Run" – 2:31
- "Head Credits (performed by Lisa Hannigan)" – 1:44
- "Get Away" – 1:18
- "Help" – 2:33
- "Sadness" – 1:06
- "Molly" – 1:05
- "I Hate You" – 1:33
- "Who Are You" – 1:19
- "The Storm" – 1:55
- "Katy's Tune" – 3:30
- "In the Bus (casadh ag Lisa Hannigan)" – 0:44
- "The Thread (casadh ag Lisa Hannigan)" – 2:24
- "Amhrán Na Farraige (casadh ag Lisa Hannigan)" – 2:45
- "Song of the Sea (Lullaby) (casadh ag Nolwenn Leroy)" – 3:46
- "La chanson de la mer (berceuse) (casadh ag Nolwenn Leroy)" – 3:47
Aisteoirí
cuir in eagarRól | Aisteoir Béarla | Aisteoir Gaeilge |
---|---|---|
Ben | David Rawle | James Ó Floinn |
Conor | Brendan Gleeson | |
Mac Lir | ||
Granny | Fionnula Flanagan | |
Macha | ||
Bronach | Lisa Hannigan | Gráinne Bleasdale |
Saoirse | Lucy O'Connell | Fionán Farley Nolan |
An Fear Gruagach | Maurice O'Donoghue | |
Lug | Pat Shortt | Donncha Crowley |
Mossy | Colm Ó Snodaigh | Niall McDonagh |
Ferry Dan | Jon Kenny | |
Rock Shee | ||
Spud | Liam Hourican | Tomás Ó Súilleabháin |
Tiománaí Bus | ||
Ben Óg | Kevin Swierszcz | Ríona Farley Nolan |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Song of the Sea le Will Collins Amhrán na Mara le Proinsias Mac an Bháird". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2018-07-18.
- ↑ Tomaí Ó Conghaile. "Nós - Amhrán Gaeilge i scannán ar ghearrliosta Oscar" (ga). nos.ie. Dáta rochtana: 2018-07-18.
- ↑ .ifi.ie. "Amhrán na Mara Worksheet 2". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ 4.0 4.1 Breandán M Mac Gearailt (14 Iúil 2015). "LÉIRMHEAS: Amhrán na Mara: álainn, ceolmhar agus samhlaíoch" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-05.
- ↑ "‘Song of the Sea’ Soundtrack Details | Film Music Reporter" (en-US). filmmusicreporter.com. Dáta rochtana: 2018-07-18.
- ↑ "Song of the Sea / Amhrán na Mara - an leagan Gaeilge den scannán álainn | CIC" (en). www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-12-06. Dáta rochtana: 2018-07-18.