Alfred Deakin
Ba pholaiteoir é Alfred Deakin (3 Lúnasa 1856 i stát Victoria - 7 Deireadh Fómhair 1919), ar dhuine de na polaiteoirí ba mhó a bhí taobh thiar de Chónascadh na hAstráile.[1]. Féachtar air mar "athair an náisiúin". B'eisean an dara Príomh-Aire ar an Astráil.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 3 Lúnasa 1856 Melbourne, Victoria |
Bás | 7 Deireadh Fómhair 1919 63 bliana d'aois Melbourne, Victoria |
Siocair bháis | Galar Alzheimer |
Áit adhlactha | St Kilda Cemetery (en) 37° 51′ 44″ S, 145° 00′ 04″ E / 37.862094°S,145.0011°E |
Príomh-Aire na hAstráile | |
2 Meitheamh 1909 – 29 Aibreán 1910 ← Andrew Fisher – Andrew Fisher → | |
Príomh-Aire na hAstráile | |
5 Iúil 1905 – 13 Samhain 1908 ← George Reid – Andrew Fisher → | |
An tAire Gnóthaí Eachtracha | |
5 Iúil 1905 – 13 Samhain 1908 ← George Reid – Lee Batchelor → | |
2 Príomh-Aire na hAstráile | |
24 Meán Fómhair 1903 – 27 Aibreán 1904 ← Edmund Barton – Chris Watson → | |
Ball de Theach Ionadaithe na hAstráile | |
30 Márta 1901 – 23 Aibreán 1913 ← luach ar iarraidh – Charles McGrath → Toghcheantar: Ballarat | |
Ard-Aighne na hAstráile | |
1 Eanáir 1901 – 24 Meán Fómhair 1903 ← luach ar iarraidh – James Drake → | |
Ball de Thionól Reachtach Victoria | |
Aibreán 1889 – Deireadh Fómhair 1900 – luach ar iarraidh, Edward Warde (en) → Toghcheantar: Essendon and Flemington (en) | |
Ball de Thionól Reachtach Victoria | |
Iúil 1880 – Márta 1889 ← Robert Harper – Deireadh an phoist → Toghcheantar: West Bourke (en) | |
Ball de Thionól Reachtach Victoria | |
18 Feabhra 1879 – 8 Iúil 1879 ← John Smith – Robert Harper → Toghcheantar: West Bourke (en) | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil Dlí Melbourne |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Canberra |
Gairm | polaiteoir, iriseoir, taidhleoir, file |
Ball de pháirtí polaitíochta | An Páirtí Cosantaíoch |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Pattie Deakin (1882–luach anaithnid) |
Páiste | Vera Deakin White, Ivy Brookes, Stella Deakin |
Athair | William Deakin |
Siblín | Catherine Deakin |
Saol
cuir in eagarD'oibrigh Deakin mar mhúinteoir agus oide príobháideach chun soláthar dó féin fad a bhí sé ag gabháil don dlí san oíche in Ollscoil Melbourne.
Tar éis gur glaodh chun Bharra Victoria air sa bhliain 1877, níor éirigh go maith leis mar dhlíodóir ar dtús. Chuaigh sé i muinín na hiriseoireachta agus na polaitíochta ina áit, cé gur fhill sé ar an mBarra ar feadh roinnt blianta sna 1890idí.
Aturnae Ginearálta
cuir in eagarBhí sé ina Aturnae Ginearálta ar Victoria faoi dhó. Sna 1890í bhí sé ar thús cadhnaíochta na státairí a bhí ag moladh Chónascadh na hAstráile.
Ag deireadh na ndeich mbliana sin ghlac sé páirt in idirbheartaíocht thábhachtach as ar tháinig teorainn ar achomhairc os comhair na Ríchomhairle in aghaidh chinntí Ard-Chúirt na hAstráile. Mar sin féin, bhí an-tionchar aige ar fhorbairt an dlí san Astráil.
Tar éis do Chomhlathas na hAstráile teacht ann sa bhliain 1901, ceapadh Deakin ina chéad Ard-Aighne air (1901-1903). Bhí páirt ríthábhachtach aige ag déanamh cinnte de gur achtaíodh an reachtaíocht a chuir Ard-Chúirt na hAstráile ar bun, an rud a bhain sé amach sa pholaitíocht arbh é ba mhó ba chúis mórtais dó.
Príomh-Aire
cuir in eagarBhí Deakin ina Phríomh-Aire ar an Astráil trí huaire (1903-1904, 1905-1908 agus 1909-10).
Sa bhliain 1906, ritheadh reacht chun líon breithiúna na hArd-Chúirte a mhéadú ó thriúr go cúigear (an líon a mhol sé sa bhliain 1902 ach níor éirigh leis).
Thapaigh Deakin an deis leis na breithiúna A.B. Ó hUiginn agus Isaac Isaacs a chur ar an gCúirt, poist a chóiméad siad go dtí 1929 agus 1930 faoi seach.
Bás
cuir in eagarTháinig hipirtheannas air agus ansin néaraistéine agus néaltrú soithíoch b'fhéidir.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Scoil Dlí, COBAC. "Alfred Deakin (1856-1919)" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-08-04.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |