Al-Qaeda
Sa bhliain 1988, bhunaigh Osama bin Laden an grúpa paraimíleatach Al-Qaeda, a raibh páirt acu i roinnt ionsaithe ar fud an domhain ar feadh na mblianta. An t-éacht ba mhó a rinneadar ná na h-ionsaithe sceimhlitheoireachta 9/11 i Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 2001.
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/d/d8/Flag_of_al-Qaeda_in_Iraq_design_4.svg/220px-Flag_of_al-Qaeda_in_Iraq_design_4.svg.png)
Maraíodh bin Laden sa bhliain 2011. Bhí Ayman al-Zawahiri i mbun Al-Qaeda idir 2011-2022.
Raison d'être
cuir in eagar![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/a/a1/Hamid_Mir_interviewing_Osama_bin_Laden_and_Ayman_al-Zawahiri_2001.jpg/220px-Hamid_Mir_interviewing_Osama_bin_Laden_and_Ayman_al-Zawahiri_2001.jpg)
Tá al-Qaeda i gcoimhlint leis an Iarthar, agus na Stáit Aontaithe go háirithe, mar gheall ar an tacaíocht a dtugtar don stát Iosrael, cúpla réimse deachtóireachta sa Mheánoirthear, agus na bunáiteanna a bhí ag na Meiriceánaigh san Araib Shádach, an tír ina bhfuil na cathracha Meice agus Medina suite.
Tá al-Qaeda i gcoimhlint le Moslamacha eile chomh maith, agus an dearcadh 'liobrálach' atá acu.
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/f/fd/National_Park_Service_9-11_Statue_of_Liberty_and_WTC_fire.jpg/220px-National_Park_Service_9-11_Statue_of_Liberty_and_WTC_fire.jpg)
Al-Qaeda na hIaráice
cuir in eagarSa bhliain 2004, bhunaigh Abu Musab al-Zarqawi, radacach Iordánach, Jama'at al-Tawhid wal-Jihad (nó جماعة التوحيد والجهاد).
D'athraigh sé ainm an ghrúpa níos déanaí go Tanẓīm Qāʻidat al-Jihād fī Bilād al-Rāfidayn, ("Eagraíocht Bhunáit an Jioháid sa Mheaspatáim", cé go raibh sé ní ba choitianta tagairt don ghrúpa mar al-Qaeda san Iaráic (AQI).
Maraíodh al-Zarqawi sa bhliain 2006.[1]
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/9/9e/Sayyid_Qutb.jpg/220px-Sayyid_Qutb.jpg)
Mharaigh fórsaí Mheiriceá Bin Laden ar 2 Bealtaine 2011 sa Phacastáin.
Eachtraí
cuir in eagar... agus go leor eile.... Féach anseo
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Craig Whitlock (2006-06-10). "Death Could Shake Al-Qaeda In Iraq and Around the World" (en-US). Washington Post. Dáta rochtana: 2021-08-31.