Is dúil cheimiceach é an t-alúmanam. Is í an mhais adamhach atá aige ná 26.9815 g/mol. Is í an uimhir adamhach13 agus is í an tsiombail cheimiceach ná Al. Is í an uimhir ocsaídiúcháin a bhíonn aige sna comhdhúile ceimiceacha ná +3.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachAlúmanam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach, miotal agus dúil litifileach
Alúmanam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachAl
Uimhir adamhach13
Mais adamhach26.9815384
Cumraíocht leictreon[Ne] 3s² 3p¹ agus 1s² 2s² 2p⁶ 3s² 3p¹
Peiriad, Grúpapeiread 3
grúpa 13
Airíonna fisiceacha
Dlús2.7 kg/m⁻³
Leáphointe1,220 agus 660
Fiuchphointe4,221 agus 2,327
Leictridhiúltacht1.61
Ga ianach0.39, 0.48 agus 0.54
Stair
AimsitheoirHans Christian Ørsted agus Humphry Davy
Fionnachtain1825
Eapainmalúm

Miotal insínte lonrach é an t-alúmanam. Tá sé ar an miotal is coitianta i screamh an Domhain, agus ar an tríú dúil cheimiceach is coitianta ar fad. Nuair a oibríonn ocsaigin an atmaisféir ar an alúmanam, éighníomhaítear é - is é sin, tagann brat ocsaíde ar an alúmanam, agus ós rud é go bhfuil ocsaíd an alúmanaim an-chrua, cosnaíonn sí an miotal istigh ar an gcreimeadh. Mar sin féin, tá an t-alúmanam araiciseach go maith chun imoibriúcháin leis na dúile eile, agus ní bhíonn sé ar fáil sa dúlra i bhfoirm mhiotail, cé go mbíonn mianta éagsúla alúmanaim coitianta go leor.

Is féidir an t-alúmanam a aithint thar na miotail eile go héasca, nó fágann an brat ocsaíde cuma ar leith air - baineann sé an loinnir de, ionas go sílfeá ar dtús nach miotal é ar aon nós ach plaisteach a bhfuil dath an mhiotail ann. Thairis sin, tá sé níos éadroime ná mar a shamhlófá le miotal.

Is í an bháicsít an mhian is tábhachtaí mar fhoinse alúmanaim. Ocsaíd neamhghlan alúmanaim atá ann. Tá a leáphointe an-ard, ach is féidir í a thuaslagadh i gcrióilít leáite agus a leictrealú. Is éard atá sa chrióilít ná heicseafluaralúmanáit sóidiam, Na3AlF6.

Tá an t-alúmanam iontach tábhachtach mar mhiotal, nó tá sé an-éadrom agus an-díonta ar an gcreimeadh. Úsáidtear an t-alúmanam agus a chuid cóimhiotal sna heitleáin, mar shampla. Seoltóir maith teasa agus leictreachais é freisin.

Tá dhá iseatóp nádúrtha ag an alúmanam, mar atá, alúmanam a 27 agus alúmanam a 26. Iseatóp cobhsaí é alúmanam a 27, ach is féidir iarsmaí beaga den iseatóp eile a aimsiú sa dúlra. Iseatóp radaighníomhach é, agus leathré réasúnta fada aige, mar atá, timpeall ar 717 000 bliain. Thairis sin, is féidir iseatóip radaighníomhacha eile a tháirgeadh i luasairí cáithníní.

Bhí aithne ag an gcine daonna ar an alúm, is é sin ar shulfáit hiodráitithe mheasctha an alúmanaim agus an tsóidiam nó an photaisiam, ón réamhstair anuas. Tuigeadh do na heolaithe sa 16ú haois gur salann de chuid "ithir" ar leith a bhí san alúm chomh luath leis an 16ú haois, agus bhí iarrachtaí chun aonrú an alúmanaim á ndéanamh ón 18ú haois ar aghaidh. Ba é Hans Christian Ørsted, an ceimiceoir Danmhargach, a d'aonraigh an t-alúmanam an chéad uair riamh, sa bhliain 1824. Chuir sé clóiríd alúmanaim (a bhí saor ó uisce) ag imoibriú le malgam an photaisiam, agus ba é ba thoradh don turgnamh seo ná cnapáin mhiotail a bhí cosúil le stán. Chuir sé na cnapáin seo faoi bhráid na gceimiceoirí eile sa bhliain 1825, agus chrom an t-eolaí Gearmánach Friedrich Wöhler ar an turgnamh céanna a dhéanamh in aithris air. Níor éirigh an iarracht sin le Wöhler, áfach, agus fuair sé riachtanach a mhodh oibre féin a fhorbairt. Sa bhliain 1845 d'aonraigh Wöhler cnapáin bheaga alúmanaim dá chuid féin, agus thuig sé cur síos ar shaintréithe áirithe na dúile. Mar sin ba nós ar feadh i bhfad fionnachtain an alúmanaim a lua le Wöhler.

Ar feadh i bhfad, áfach, ní rabhthas in ann alúmanam a tháirgeadh sa tionsclaíocht ach ar éigean, agus bhíodh an miotal nua seo ní ba dhaoire ná an t-ór féin. Mar sin, ní dhéanfaí ach earraí só as alúmanam. Ba iad an t-innealtóir Francach Paul Héroult agus an Meiriceánach Charles Martin Hall a d'fhorbair, beag beann ar a chéile, an próiseas atá in úsáid inniu féin le halúmanam a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch - is é sin, tuaslagadh na báicsíte sa chrióilít leáite.

Saintréithe ceimiceacha

cuir in eagar

Tá trí fhiúsleictreon ag an alúmanam, agus tugann sé ar iasacht iad ina chuid comhdhúl. Mar sin is í an uimhir ocsaídiúcháin is tipiciúla a bhíonn aige ná +3.

An tAlúmanam agus an tsláinte

cuir in eagar

Cé go bhfuil an dúlra ar maos le comhdhúile alúmanaim, dealraíonn sé nach gcuireann na comhdhúile alúmanaim isteach ná amach ar na horgánaigh bheo, go bunúsach. Is féidir dó carnadh i gcnámha agus i néarchóras an duine ag othair nach bhfuil a nduáin ag obair mar ba chóir, ach le géarnimhiú alúmanaim a tharraingt air féin caithfidh an duine folláin smután infheicthe de shalann alúmanaim de chineál éigin a ithe. Maidir leis an tionchar fadtéarmach a bhíonn ag an alúmanam ar shláinte na ndaoine agus iad á thógáil óna thimpeallacht go leanúnach (daoine a bhfuil a gcuid bia truaillithe le comhdhúile alúmanaim, cuir i gcás), is ceist chonspóideach é i gcónaí. Glactar leis nach ndéanann alúmanam an chomhshaoil nádúrtha dochar ar bith don duine fholláin, ach san am chéanna is cúis buartha dá lán go mbitear faoi lé an alúmanaim i bhfad níos mó inniu ná mar a bhítí fadó, chomh fairsing is a úsáidtear sa tionsclaíocht é, agus nach fios do na heolaithe go fóill cad is toradh don tsíornochtadh seo.