Airm ollscriosta
Is éard atá i gceist le hairm ollscriosta[1] ná airm ar féidir scrios leathan fisiciúil a dhéanamh agus líon ollmhór daoine a mharú leo. Cuimsíonn siad airm núicléacha, bhitheolaíocha, cheimiceacha is raideolaíocha.
- Sna hairm núicléacha, tá buamaí adamhacha is hidrigine.
- Sna hairm bhitheolaíocha, tá úsáid na ngalar cosúil le hantracs, an tocsain ispínis, an rícín, an plá is an bholgach.
- Sna hairm cheimiceacha, tá an gás mustaird, saraín, VX, sómaín agus tábún, srl.
- Cuimsíonn an hairm raideolaíocha buamaí salacha ina bhfuil ábhair radaighníomhacha. Tháinig siad chun aire an phobail i 2002-2003 leis an líomhain bhréagach go raibh a leithéid ag an Iaráic, mar chúis le cogadh a dhéanamh ar an tír sin.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ ““airm ollscriosta” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-30.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Airm ollscriosta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 27.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |