Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Bunaíodh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge mar aonad laistigh d'Ollscoil na Gaillimhe le forbairtí a dhéanamh ar chúrsaí, ar thaighde, ar sheirbhísí agus ar ghníomhaíochtaí ollscoile eile trí mheán na Gaeilge agus le iad a sheachadadh agus a riaradh.
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | institiúid ardoideachais ![]() | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 2004, Gaillimh ![]() | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Cuid de | Ollscoil na Gaillimhe ![]() | ||||
Suíomh gréasáin | acadamh.ie… ![]() | ||||
Cuireann clár cúrsaí an Acadaimh deiseanna ar fáil do mhic léinn cur lena gcuid scileanna agus a gcuid saineolais agus tabhairt faoi thaighde i réimsí cosúil leis an gcumarsáid raidió agus teilifíse, an t-aistriúchán, na healaíona, an teicneolaíocht faisnéise agus an t-oideachas.
Ionaid an Acadaimh
cuir in eagarReáchtáiltear clár cúrsaí an Acadaimh ar champas Ollscoil na Gaillimhe; ar an gCeathrú Rua agus i gCarna i gCo. na Gaillimhe; agus i nGaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall. Is ionaid lán-Ghaeilge iad na hionaid Ghaeltachta. Ina theannta sin, cuirtear an Dioplóma sa Ghaeilge ar fáil i mbreis agus 20 ionad éagsúil ar fud na tíre.
Léann Teanga: An Reiviú
cuir in eagarFoilsítear An Reiviú mar chuid den chúrsa MA sa Léann Teanga leis an Acadamh. Pléann sé leis na téamaí seo a leanas: An tAistriúchán, Blaiseadh den Litríocht, Cúrsaí Cumarsáide, Dúchas, Léirmheasanna, Pleanáil Teanga, Réamhráite, an tSochtheangeolaíocht, Teagasc Teanga, An Teangeolaíocht, An Teicneolaíocht. Is iris phiarmheasúnaithe í.[1]
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Réamonn Ó Ciaráin (2024). "Réamhrá". Léann Teanga: An Reiviú (12). ISSN 2737-7636.
Is síol faoin oideachas é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |