A Coruña
Is cathair i gcomhphobal féinrialaitheach na Gailíse in iarthuaisceart na Spáinne í A Coruña (Spáinnis: La Coruña, Gaeilge: Cathair na Cruinne[1]). Is í an dara cathair is mó sa Ghailís agus is í príomhchathair an chúige í.
A Coruña | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Spáinn | ||||
Comhphobal féinrialaitheach de chuid na Spáinne | an Ghailís | ||||
Cúige de chuid na Spáinne | A Coruña | ||||
Príomhchathair de | |||||
Príomhchathair | A Coruña | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 249,261 (2024) | ||||
• Dlús | 6,588.98 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Mancomunidad de Municipios del Área del de La Coruña (en) | ||||
Achar dromchla | 37.83 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | ||||
Airde | 21 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Oza (en) | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara A Coruña | Inés Rey García (2019–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 15001–15011 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 981 y 881 | ||||
INE code (en) | 15030 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | coruna.gal | ||||
Deirtear go háitiúil go dtagann an t-ainm ón gColóin Ársa, nó Túr Earcail, a bhfuil fós ina seasamh inniu, ach ní aontaítear go huile leis an dtuairim seo. Teach solais a bhí ann ar feadh 2,000 míle bliain. In aice an túir, tá compás (Rosa de los Vientos- Rós na Gaoithe) le siombailí Ceilteacha a fhreagraíonn dona tíortha Ceilteacha uilig. Deirtear gur tháinig na chéad Ceiltigh (Clann Mhíle) go hÉireann ón áit seo fadó. Táthar ann a deireann go dtagann sé ón bhfocal "Coróin", agus nach gciallaíonn an "a" ach an t-alt sonrach mar an gcéanna as Gaeilge. Tóg faoi deara freisin an cosúlacht fuaimníochta idir "Coruña" ( [koˈɾuɲa] ) agus "Cruinne" ( [kɾʲɪna] ), tá daoine eile ann a dhéanann an nasc sin.
Déanann roinnt daoine nasc idir Éire agus an Ghailí mar deirfiúr Ceilteach de bharr na cosúlachtaí: reiligúin céanna, aimsir fliusch, tírdhreach glas agus geilleagar bunaithe ar talamhaíocht agus iascaireacht. Tá club peil Ghaelach ann chomh maith leis an ain, Fillos de Breogán (Mic Bhreogán); agus tá Roinn Léann Éireannach ag Ollscoil A Coruña. Sa bhliain 2014, thairg banna cheoil Gailíseach, Luar na Lubre, albam darbh ainm Torre de Breoghán, le hamhráin bunaithe ar Mic Míle.[2] Is í Luimneach a chomhchathair.
Is port an-ghnóthach í an chathair agus í suite ar an chósta Atlantach. Tá an chathair tábhachtach ó thaobh trádal talmhaíochta de ar fud an réigiúin. Tá scaglann ola ann chomh maith.
Tá clú agus cáil ar an chlub sacair, Deportivo de La Coruña, a bhfuil sa chéad sraith i sacar na Spáinne. Bhí an bua acu i gcoinne club sacair Shelbourne sa bhliain 2004.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Barnwell, David, Ó Domhnalláin, Pádraig, Alonso, Carmen Rodriquez (2009). "Foclóir Gaeilge-Spáinnise": lch. xli. Coiscéim. Dáta rochtana: 16 Nollaig 2010.
- ↑ "Naisc Gaeilge-na Gailíse".
Is síol faoi thíreolaíocht na Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |