1
Bliain
Is é is ábhar don leathanach seo ná an bhliain. Má tá suim agat i gciall eile atá leis an téarma seo, féach 1 (uimhir).
Sampla de | bliain féilire |
---|---|
Féilirí eile | |
féilire Ghréagóra | 1 (i) |
Ioslamach | 640 aH – 639 aH |
Síneach | 2697 – 2698 |
Eabhrach | 3761 – 3762 |
Hiondúch | 56 – 57 (Vikram Samvat) 3102 – 3103 (Kali Yuga) |
Peirseach | 621 BP – 620 BP |
Airméanach | - |
Rúnach | 251 |
Ab urbe condita | 754 |
Catagóirí | |
Aois | |
Iú haois - 1ú haois - 2ú haois | |
Deich mbliana | |
20 RC 10 RC 1 RC - 1 - 10í 20í 30í | |
Bliain | |
3 RC 2 RC 1 RC - 1 - 2 3 4
| |
Eachtraí
cuir in eagar- Chuir Tibéirias éirí amach faoi chois sa Ghearmáin.
- Tús Ré Yuanshi le linn ríora Han sa tSín.
- Bronnadh teideal ríoga iarbháis ("an Tiarna Baochengxun Ni") ar Chonfúicias.
- Tugadh síoda isteach sa Róimh don chéad uair.
- Scríobh Óivid an dán Metamorphoses.
- Tháinig an Búdaíochas isteach sa tSín.
- D'éirigh an tImpire Ping Han i gcoróin.
- Bunaíodh Aksum san Aetóip) thart ar an am seo.
Breitheanna
cuir in eagar- Íosa Críost, dar le Dionysius Exiguus (féach ar Anno Domini)
Básanna
cuir in eagar- Zhao Feiyan, bean an Impire Cheng Han, ar a gcuireadh iallach féinmharú.
Ceannairí Domhanda
cuir in eagar- An Aithin - Areius Paianieus, Ceannaire na hAithne (AD 1 - 2)
- An Bhreatain Mhór - Tasciovanus, Rí na gCatuvellauni (thart ar 20 RC - 9 AD); Tincomarus, Rí na n-Atrebates (thart ar 20 RC - 7 AD)
- Éire - Crimthann Nia Náir, Ard-Rí na hÉireann (7 RC - 9 AD)
- Impireacht na Róimhe - (Ríora Iúla-Cládiach)
- Caesar Ágastas, Impire Rómhánach agus consal, (43 RC - AD 14)
- Lucius Aemilius Paullus, Consal Rómhánach (AD 1-2)