Íosa ag iompar na croise
Eachtra sa Pháis Íosa é Íosa ag iompar na croise. Tá cuntas air sna ceithre shoiscéal uilig. Is ábhar d'ealaín an-choitianta é freisin, agus é ar cheann de na 14 chéim i dTuras na Croise, atá le fáil i ngach séipéal Caitliceach nach mór. An Via Dolorosa a thugtar ar an rúta a shiúil Críost faoi ualach na croise in Iarúsailéim, cé gur athraigh an rúta úd le linn na n-aoiseanna agus níltear ar aon intinn faoi an lá inniu féin.
Cineál | téama ealaíne scéal sa Bhíobla |
---|---|
Cuid de | procession to Calvary (en) agus Sorrowful Mysteries (en) |
Reiligiún | an Chríostaíocht |
Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |